Mícheál Ó Mulláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó Mulláin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Nollaig 1874
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Bealtaine 1916
41 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtrodaí, sóisialaí, ceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
GéillsineArm na Breataine
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca

Find a Grave: 4274 Cuir in eagar ar Wikidata

Réabhlóidí Éireannach agus sóisialaí ab ea Micheál Ó MealláinMichael Mallin (1 Nollaig 18748 Bealtaine 1916)[1] a ghlac páirt gníomhach in Éirí Amach 1916.[2] Ba é Leascheannasaí Arm Cathartha na hÉireann é faoi James Connolly. Ar nós Connolly, bhí Mallin é féin in Arm na Breataine nuair a bhí sé óg.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Mulláin sna Saoirsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath.[4], [5]

Ba é Micheál an duine ba shine de sheisear clainne a tháinig slán ó naíonacht; fuair cúigear eile bás agus iad ina leanaí. Ní raibh seo as an ghnáth in aon chor ag an am.

Cé go raibh bá ag a mháthair don phoblachtachas, bhí cuid den teaghlach báite i gcultúr míleata Shasana. Mí amháin roimh a chúigiú breithlá déag, liostáil sé leis na Royal Scots Fusiliers mar dhrumadóir. Chaith sé beagnach 14 bliain in arm Shasana, cuid mhaith de san India.

Royal Scots Fusiliers

1902[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Micheál abhaile ag deireadh 1902. Fuair sé post mar fhíodóir poiplín ag Atkinson & Co agus chuaigh sé le Ceardchumann na bhFíodóirí Síoda sa chathair. Chuaigh a thaithí ansin go mór i bhfeidhm air. Roimh i bhfad bhí sé ina oifigeach ar cheardchumainn na bhfíodóirí síoda agus ansin ina rúnaí ar an cheardchumann.

1913[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Earrach 1913 chuaigh na hoibrithe i monarcha Atkinson ar stailc agus bhí Micheál i gcroílár imeachtaí. Bhí bua acu sa deireadh ach níorbh fhada gur éirigh Micheál as a phost sa mhonarcha agus sa cheardchumann.

Faiche Stiabhna agus Coláiste Ríoga na Máinlianna

Chuaigh sé ansin leis an ITGWU.Roimh i bhfad bhí sé i mbun oibre leis an Arm Cathartha na hÉireann. Rinneadh príomh-oifigeach traenála de agus faoi dheireadh 1914 d’ainmnigh Séamus Ó Conghaile é mar cheann foirne.

Mar aon leis an Chonghaileach, scríobh Ó Mealláin sraith alt don Workers’ Republic ag deireadh 1915 ar chúrsaí míleata, a chuir béim ar chogaíocht neamhrialta. Thug le fios dá lucht léite gurbh fhéidir le baicle bheag trodairí an lámh in uachtar a fháil ar fhórsa láidir ar nós arm Shasana.

Sráid i Loch Garman

1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an Éirí Amach, bhí Ó Mulláin mar leas cheannasaí faoi Séamas Ó Conghaile agus i gceannas ar an ngrúpa saighdiúirí ag Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, leis an gCúntaois Markiewicz mar leascheannaire.

Ghéill sé ar an Domhnach, 30 Aibreán 1916 nuair a fuair sé an t-ordú ón gCongailleach. Cuireadh chun báis é ar an 8ú lá de Bealtaine i bPríosún Chill Mhaighneann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Seoladh leabhair: 'Mícheál Ó Mealláin' - Indymedia Ireland". lists.indymedia.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-08. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  2. ladyjaneott (2014-08-30). "Seachtar Dearmadta. Part 1. Michael Mallin.". 
  3. "1916 Seachtar Dearmadta | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga-IE) .  Curtha i gcartlann 2022-05-08 ar an Wayback Machine
  4. "Micheál Ó Mealláin – Ag Athaimsiú Laoch Lucht Oibre" (ga). Crá Croí Cois Cuain (2013-08-12). Dáta rochtana: 2019-05-08.
  5. "Mícheál Ó Mealláin Séamus Ó Mealláin curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2019-05-08.