Mychal F. Judge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMychal F. Judge

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Bealtaine 1933
Brooklyn, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Meán Fómhair 2001
68 bliana d'aois
One World Trade Center, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisLine of duty death (en) Aistrigh (Collapse of the World Trade Center (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaHoly Sepulchre Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síSt. Bonaventure University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Caitliceach, séiplíneach Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhProinsiasaigh
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1244943 Find a Grave: 6001427 Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart Caitliceach de chuid Ord Proinsiasach na mBráithre Mionúra a bhí in Mychal F. Judge, OFM (11 Meitheamh 193311 Meán Fómhair 2001). Ba shéiplíneach i Roinn Dóiteáin Nua-Eabhrac é fosta. Fuair sé bás san ionsaí sceimhle ar an Ionad Trádála Domhanda, an chéad duine ar liosta oifigiúil na ndaoine a cailleadh.

A Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é mar Robert Emmet Judge (ainmníodh as an tírghráthóir Éireannach é) i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Ba imircí as Contae Liatroma a thuismitheoirí, Michael agus Mary Ann Judge, a casadh ar a chéile ar bord an long Celtic i 1921 ar a mbealach siar go Meiriceá dóibh. Ba é Robert Emmet an chéad duine de chúpla. A dheirfiúr Dympna an leath eile den chúpla. Bhí deirfiúr ní ba shine acu darbh ainm Erin.

Ag aois a sé bliana, fuair a athair bás leis an mhastóidíteas. Ní raibh cead ag Robert Emmet cuairt a thabhairt air mar níor cheadaigh an t-ospidéal do na páistí dul ní ba chóngaraí dona n-athair ná an cosán taobh amuigh. Ní ba dhéanaí, le cailliúint phá an athar a chúiteamh, théadh Judge amach ag snasadh bróg ag Stáisiún Penn i Manhattan cóngarach do Shéipéal Shan Proinsias d’Assisi, áit a thosaigh sé a ghnáthú. Ag féachaint ar na bráithre Proinsiasacha ansin dó, “d‘aithin mé gur chuma liom faoi rudaí saolta. Thuig mé gur ba mhaith liom a bheith i mo bhráthair.”

In Ord na bProinsiasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mychal Judge FDNY memorialEngine 1 - Ladder 24 (142 W. 31st Street) Battalion 7, Division 1

Sa bhliain 1948, agus é 15 bliana d’aois, chuir sé tús le próiseas oiliúna na bProinsiasach. D’oileadh é i dtrí choláiste chléireach i stát Nua-Eabhrac, i Nua Jersey agus i Nua Hampshire. Fuair sé céim bhaitsiléara ó Ollscoil Shan Bonaventure. Oirníodh mar shagart é ag Coláiste an Ainm Naofa i Washington, D.C. sa bhliain 1961. Ghlac sé an t-ainm Mychal ag an am sin.

Ó 1961 go 1986 rinne Judge seirbhís in áiteanna éagsúla in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Sa bhliain deireanach sin cuireadh é chun oibre sa mhainistir ag Séipéal Shan Proinsias d’Assisi i Sráid 31 Iarthair i Manhattan. Fillte go tosach a thurais a bhí sé agus ba ansin a d’fhanfadh sé go dtí maidin lá a bháis. Mar gheall ar fhás na n-oifigí sa chuid sin den chathair ní raibh paróiste ag an séipéal a thuilleadh. Scrín a bhí ann, agus bhí Judge ábalta a chuid ama agus fuinnimh a chaitheamh ag obair le daoine ar chuir sé spéis faoi leith iontu, mar atá, imircí, daoine gan lóistín nó gan bhia, na heasláin (go mór mór iad a raibh an SEIF orthu), chomh maith le daoine leispiacha agus aeracha.

A chlú agus a thréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thuill an bráthair clú as an ghnáth as a chuid carthanachta agus naofachta, in ainneoin gur aithin sé agus gur dhiúltaigh sé fimíneacht agus táire ar bith dá raibh feicthe aige san Eaglais. Níor bhain na rudaí sin lena a ghairm féin.

Bhí Judge é féin aerach. Cé gur séanadh é sin go tréan i gciorcail áirithe níos déanaí, d’inis Judge amhlaidh do roinnt daoine. Scríobh Judge faoina fhéiniúlacht ghnéasach ina dhialanna agus bhí sé páirteach in Dignity, eagraíocht aerach Chaitliceach. Glactar leis freisin, áfach, gur chloígh Judge le rialacha na hEaglaise maidir le haontumhacht do na sagairt.

Father Mychal Judge, NY Waterway ferry, East River. 23 Deireadh Fómhar 2015.
Panel S-18, South Pool, Cuimhneachán náisiúnta, Manhattan

Sa bhliain 1992, iarradh air freastal ar ghrúpa eile fós, fir na mbriogáidí dóiteáin, agus ceapadh ina shéiplíneach é ar an Roinn Doiteáin. (Ní raibh an t-eolas faoina homaighnéasachas go forleathan sa roinn, gí go raibh Thomas Von Essen, Coimisinéir Dóiteáin Nua-Eabhrac, ar an eolas ón bhliain 1997 anuas.) Mar shéiplíneach, bhíodh misneach, spreagadh agus paidreacha ar tairiscint aige dona comhraiceoirí dóiteáin agus dona dteaghlaigh ar ócáidí dóiteáin agus tarrthála agus sna hospidéil. Thug sé comhairle dóibh, agus ba mhinic a chaith sé 16 uaire sa lá ag obair. D’fhás cion faoi leith dó ina measc úd.

Lá na cinniúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhrostaigh na céadta fir dhóiteáin go dtí an Ionad Trádála Domhanda ar maidin an 11 Deireadh Fómhair 2001. Rinne Judge an rud céanna agus thug sé na deasghnátha deireanacha do dhaoine a bhí sínte sa tsráid agus ansin i bhforhalla an Túir Thuaidh mar a raibh lárionad éigeandála curtha ar bun ag Roinn na nDóiteán.

Nuair a thit an Túr Theas ar 9:59 AM, séideadh smionagar isteach trí fhorhalla an Túir Thuaidh, rud a mharaigh a lán dá raibh ann, Judge ina measc. Nuair a tharla seo, de réir beathaisnéisí Judge, Michael Daly, chualathas é ag rá arís agus arís eile, “A Íosa, cuir stad leis seo anois féin, guím ort! A Dhia, cuir críoch leis!”.

Engine 1 - Ladder 24 (142 W. 31st Street) Battalion 7, Division 1 FR. MYCHAL JUDGE

Thóg grianghrafadóir de chuid Reuters, Shannon Stapleton, grianghraf cáiliúil de chorp Judge agus grúpa fear a bhí á iompar as áit an áir. “Pièta Meiriceánach” a tugadh ar an ghrianghraf seo sna meáin.

Ar bhealaí eile freisin a léiríonn an cás seo siombalachas spontáineach na hócáide chomh maith leis an mheas a bhí ar Judge. Ba é an Bleachtaire Steven McDonald, seanchara le Judge agus é féin cáiliúil i Nua-Eabhrac, a d’aithin an corpán go foirmeálta. Agus “Íobartach 0001” a scríobhadh ar an lipéad ar mhála choirp an Athar Judge. Ar 15 Meán Fómhair i Séipéal Shan Phroinsias d’Assisi a bhí an tsochraid, an t-ardeaspag Edward Egan i gceannas. Cuireadh in Totowa, Nua-Jersey é.

A oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tionóltar turas cráifeach (Siúlóid i gCuimhne an Athar Mychal Judge, mar a thugtar air) gach bliain ó Shéipéal Shan Proinsias go dtí suíomh an ionsaí (Ground Zero). Rinneadh scannán cáipéise sa bhliain 2006 le saol Judge a chomóradh, dírithe ag Glenn Holsten agus inste ag Ian McKellen dár theideal The Saint of 9/11.

Tá roinnt daoine ar an dá cheann den speictream pholaitiúil ar mhaith leo Judge a bheith aitheanta ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach mar naomh, cé nach bhfuil cuma suim ag an Vatacáin ina leithéid is cosúil. Glactar leis go minic mar naomh go neamhoifigiúil, áfach, agus tá stádas mar naomh bronnta ar Judge ag Eaglais Chaitliceach Bhunchreidmheach Mheiriceá.

Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá an t-alt seo bunaithe ar eolas san alt “Mychal F. Judge” i Vicipéid an Bhéarla agus sa leabhar, The Book of Mychal: The Surprising Life and Heroic Death of Father Mychal Judge le Michael Daly (2008, St. Martin’s Press, Nua-Eabhrac).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]