Morrissey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMorrissey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Steven Patrick Morrissey
22 Bealtaine 1959
64 bliana d'aois
Davyhulme, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtachas sa Ríocht Aontaithe, Eoraisceipteach, cearta ainmhithe, frith-imirce agus coimeádachas cultúrtha
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Trafford Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, amhránaí is scríbhneoir, file, amhránaí, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1977 –
Ball de pháirtí polaitíochtaAr Son na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraRac malartach, jangle pop (en) Aistrigh, rac indie agus pop indie
Faoi thionchar
Ainm cleiteMorrissey Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisPianó agus ceol gutha
Lipéad ceoilDecca Records
Island Records
His Master's Voice Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmorrisseyofficial.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0973541 Facebook: Morrissey Twitter: officialmoz Instagram: officialmoz Youtube: UCd1yjHMjahhWKUnl2qRyo0A Spotify: 3iTsJGG39nMg9YiolUgLMQ iTunes: 383968 Last fm: Morrissey Musicbrainz: 013fa897-86db-41d3-8e9f-386c8a34f4e6 Songkick: 417787 Discogs: 92577 Allmusic: mn0000597094 Deezer: 1305 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir Sasanach é Steven Patrick Morrissey (Morrissey ar a dtugtar de ghnáth) a rugadh i nDavyhulme, Manchain ar an 22 Bealtaine 1959, mac le tuismitheoirí Éireannacha. Tháinig sé ar mbéal an phobail sna hochtóidí, nuair a bhí sé ina phríomhscríbhneoir agus amhránaí don ghrúpa rac malartach The Smiths. Bhí an-rath ar an ngrúpa i Sasana ach bhris siad suas i 1987 agus lean Morrissey ar aghaidh gan iad. Deirtear go rialta go raibh sé cheann de na daoine is tábhachtaí i bhforbairt an rac malartach ag an am seo. Is duine follasach é chomh maith agus bíonn a thuairimí conspóideach go minic maidir le cearta ainmhí agus ciníochas, i measc nithe eile.

I 2008, sheol Morrissey a cheirnín Greatest Hits.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Morrissey i Manchain. Is as Baile Átha Cliath iad a thuismitheoirí, Peter Morrissey agus Elizabeth Dwyer. Chuaigh siad ar imirce sular rugadh Steven i 1959.

Nuair a bhí sé óg, thosaigh Morrissey ag éisteacht le hamhránaithe baineann cosúil le Dusty Springfield, Sandie Shaw, Marianne Faithfull and Timi Yuro. Chomh maith leis sin, bhí suim aige i sraithscéal teilifíse 'kitchen sink', scannáin réalaíoch, an t-aisteoir James Dean agus na scríbhneoirí Oscar Wilde and Shelagh Delaney. Chomh maith leis sin, tharla na "Moors Murders" ag an tráth seo: ghoid, bhraith gnéasach agus mharaigh Ian Brady and Myra Hindley thriúr páistí agus beirt déagóirí ó Manchain idir mí Iúil 1963 agus Deireadh Fómhair 1965. Mar sin, tháinig tráma mhór ar an Morrissey óg ag an am seo toisc go raibh eagla air.

Nuair a bhí sé ina dhéagóir, bhí sé láidir agus ní chuir na buachaillí dána Morrissey ar a thóin. É sin ráite, bhí uaigneas agus dúlagar air agus thug na dochtúirí leigheas speisialta dó. Lean sé caitheamh aimsire seo ar aghaidh i rith a shaoil faraor. D'fhreastail sé St. Mary's Secondary Modern School agus Stretford Technical School, agus fuair sé torthaí de na trí "O-Levels" (Béarla Litríocht san áireamh). Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sé le Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ar feadh tamall ach ní aontaítear leis an post seo leis agus chuaigh sé ar an "dole".

Dúirt Morrissey le déanaí go raibh dada aige le linn a óige ach popcheoil: bhí sé fite fuaite leis. Scríobhadh sé litreacha chuig na irisí ceoil (NME, Melody Maker agus araile) go rialta agus labhair sé a intinn i gcónaí. Chuaigh sé chuig na ceolchoirmeacha freisin, T-Rex ag an gcéad dul síos i 1972.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Viva Hate (1988)
  • Bona Drag (1990)
  • Kill Uncle (1991)
  • Your Arsenal (1992)
  • Beethoven Was Deaf (1993)
  • Vauxhall and I (1994)
  • Southpaw Grammar (1995)
  • World of Morrissey (1995)
  • Maladjusted (1997)
  • The Best of Morrissey (1997)
  • My Early Burglary Years (1998)
  • The CD Singles '88-91' (2000)
  • The CD Singles '91-95' (2000)
  • ¡The Best Of! (2001)
  • You Are the Quarry (2004)
  • Live at Earls Courts (2005)
  • Ringleader of the Tormentors (2006)
  • Greatest Hits (2008)
  • Years of Refusal (2009)
  • Swords (2009)
  • The Very Best of Morrissey (2011)
  • World Peace Is None of Your Business (2014)
  • Low in High School (2017)
  • This is Morrissey (2018)
  • California Son (2019)
  • I Am Not A Dog On A Chain (2020)
  • Bonfire of Teenagers

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Autobiography (2013)
  • List of the Lost (2015)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]