Monique Leyrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMonique Leyrac
Beathaisnéis
Breith26 Feabhra 1928
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Nollaig 2019
91 bliana d'aois
Montérégie, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1948 –
SeánraAmhrán
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilColumbia Records Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0508068 Allocine: 84952 Allmovie: p126780
Musicbrainz: 726226b3-4623-4281-b34d-060613800ffe Songkick: 419873 Discogs: 1374947 Allmusic: mn0001785743 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí agus aisteoir Fraincise is ea Monique Leyrac (née Monique Tremblay) a rugadh in Montréal in Québec ar an 26 Feabhra 1928 agus a fuair bás ar an 15 Nollaig 2019.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne sí cúrsa drámaíochta agus í ina déagóir.[1] Tar éis di tamall de bhlianta a chaitheamh ag obair ar an raidió, chuaigh sí le hamhránaíocht. Rinne sí camchuairt san Eoraip agus sa Liobáin i 1950-51 agus ansin thosaigh ag canadh in dhá cheabairé iomráiteacha in Montréal. In 1965 ghnóthaigh sí duais ag Féile Idirnáisiúnta na hAmhránaíochta i Sopot sa Pholainn le “Mon Pays”.

Thosaigh sí ag aisteoireacht ar an teilifís sna seascaidí agus rinne páirt sa tsraith theilifíse "Les Enquêtes Jobidon". In 1970 rinne sí príomhpháirt sa scannán The Act of the Heart. Sna hochtóidí thosaigh sí ag scríobh agus ag léiriú seónna aonair. Nuair a d’éirigh sí as an amhránaíocht chaith sí a dúthracht leis an teilifís agus le scannáin.

Bhí sí pósta le Jean Dalmain, aisteoir agus stiúrthóir. In 1983 d’fhoilsigh sí dírbheathaisnéis, Mon enfance à Rosemont.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1963 : Monique Leyrac chante Léveillée et Vigneault
  • 1964 : Pleins feux sur Monique Leyrac
  • 1965 : Monique Leyrac
  • 1966 : Monique Leyrac en concert
  • 1967 : Monique Leyrac
  • 1967 : Monique Leyrac à Paris
  • 1968 : Monique Leyrac chante la joie de vivre
  • 1968 : Beautiful morning
  • 1969 : Monique Leyrac
  • 1972 : Monique Leyrac : 1678-1972
  • 1975 : Monique Leyrac chante Nelligan
  • 1977 : Monique Leyrac chante Félix Leclerc

Cnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1971 : Les grands succès de Monique Leyrac
  • 1973 : Parlez-moi de vous (2 albam)
  • 1975 : L'hiver
  • 1996 : Les refrains d'abord
  • 1997 : Collection Émergence
  • 2007 : La diva des années 60

Scannáin agus teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1949: Les Lumières de ma ville: Monique Fontaine
  • 1959: Félix Leclerc, troubadour: Elle-même
  • 1962 – 1964 (sraith theilifíse): Les Enquêtes Jobidon: Mlle Claire
  • 1970: Act of the Heart: Johane Foss
  • 1986 – 1988 (sraith theilifíse): Des dames de cœur: Laurence Trudel

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1965: Ban-amhránaí na bliana ag an Gala du disque québécois
  • 1967: Oifigeach d’Ord Cheanada
  • 1979: Duais Calixa-Lavallée
  • 1997: Duais Thaibh-Ealaíona an tSeanascail
  • 1998: Ridire Ord Náisiúnta Québec
  • 2013: Duais Denise-Pelletier[2]

Le cloisteáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Monique Leyrac - Mon pays (Sopot 1965) [1]

Monique Leyrac - Pour cet amour [2]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Monique Leyrac Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine, in Québec Info Musique (qim.com).
  2. « Leyrac, Monique » Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine, Prix Denise-Pelletier 2013.