Moncaí mónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Moncaí ó iarthar na hAfraice, cineál geanóin. Dorcha, ach an taobh íochtarach is an taobh istigh de na géaga bán. Maireann sé i mbuíonta móra glóracha go hard ar bharr na gcrann, agus itheann ábhair phlandúla (cnónna neamhaibí go háirithe), seilidí is feithidí.