Monashaothrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fás cineál amháin bairr ar an talamh chéanna thar thréimhse blianta gan aon uainíocht. Forleathan i dtíortha forbartha, ach cruthaíodh go mbíonn claonadh láidir le hionsaithe lotnaidí is galar níos measa ann, agus bíonn gá le han-chuid feithidicídí is fuingicídí leis an mbarr a chosaint. Mar thoradh ar an gcleachtas seo, is mó na barra a fhaightear ach tá laghdú mór ar an oiread speiceas is barr a fhástar i gcomhair bia. Braitheann an cleachtas go mór ar phróisis meicnithe is páirceanna móra, rud a chuir le laghdú bhithéagsúlacht phlandaí is ainmhithe na bhfálta. Úsáidtear an téarma freisin d'fháschoillte le cineál amháin crainn iontu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Monashaothrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 467.