Modúl (ailtireacht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San ailtireacht, aonad tomhais sna toisí a úsáidtear chun gach cuid d'fhoirgneamh a stiúradh. In ailtireacht chlasaicach, chiallaigh sé trastomhas an cholúin ag bun an stoic. Tagann an focal ón bhfocal Laidine ar thomhas, modulus. Ó lár an 20ú céad úsáidtear é mar chomhaonad tomhais chun méid is tomhais gach comhpháirte i bhfoirgneamh caighdeánach nó modúlach a chomhordú, chun gur féidir iad a oiriúnú ina gcur le chéile go héasca solúbtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Modúl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.