Miteachoindre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Struchtúr ubhchruthach, de ghnáth, timpeall 2 μm ar fhad a bhfaightear cuid mhaith díobh i gcealla eocarótacha (cealla le núicléas taobh istigh dá chillscannán núicléach féin i gcíteaplasma na cille). Bíonn scannán dúbailte aici, an ceann inmheánach ag déanamh filltí is iomairí (criostaí) a phollann an mhaitrís inmheánach. Is ionad fíorthábhachtach an scannán inmheánach seo i gcomhair gníomhartha meitibileachta a fhuasclaíonn fuinneamh ó dhianscaoileadh móilíní bia. Bíonn DNA dá cuid féin inti, éagsúil ó DNA na cille, a thagann ón tuismitheoir baineann amháin.