Misneach (grúpa)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMisneach
Sonraí
Cineáleagraíocht abhcóideachta
foilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Bunaitheoir(í)Máirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmisneachabu.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is grúpa stocaireachta Gaeilge in Éirinn a bhí i Misneach. Ba é Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh é agus bhí sé dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge. Ar na baill bhí; Máirtín Ó Cadhain, Deasún Breatnach, Cian Ó hÉigeartaigh, Séamus Ó Tuathail, Proinsiasa Nic Uait,Séamus Ruiséal, Eoin Ó Murchú, Micheál Mac Aonghusa,Seán Ó Beacháin

Stailc Ocrais[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eagraigh an grúpa stailc ocrais seachtaine le linn chomóradh 50 bliain de Éirí Amach na Cásca, toisc go raibh fáillí déanta ag an stát i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, dar leo. Ghlac Deasún Breatnach, Cian Ó hÉigeartaigh, Séamus Ó Tuathail, Proinsiasa Nic Uait, Séamus Ruiséal, Seán Ó Beacháin, Micheál Mac Aonghusa, Eoin Ó Murchú, Seán Ó Laighin, agus Fiachra Ó Dubhthaigh páirt ann. Ghlac seisear i mBéal Feirste, a chuaigh ar stailc i gCumann Chluain Ard, páirt san fheachtas céanna. Ba iad sin Séamus Mac Seáin, Tomás Ó Monacháin, Brian Ó Maoileoin, Caoimhín Ó Loingsigh, Tomas Ó Duibhir agus Donnchadh Ua Bruadair.

Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh an grúpa paimfléad faoi pholaitíocht theanga na Gaeilge, Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae a bhí bunaithe ar chaint a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i Lúnasa na bliana 1969. San óráid dúirt sé le Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in 'Athghabháil na hÉireann'. Is ón bpaimfléad seo a thagann ráiteas cáiliúil an Chadhanaigh: ' Arm cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois. '

Cruinniú an LFM[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athnuachan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012 fógraíodh go raibh grúpa nua le bunú faoin teideal céanna agus go raibh cead faighte ag an ngrúpa seo ó bhaill seanMhisneach an t-ainm a thabhairt orthu féin chomh maith. Tá sé i gceist ag an ngrúpa seasamh 'radacach’ a thógáil ó thaobh na Gaeilge de. [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]