Mise Éire (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinMise Éire
Buneolas
StiúrthóirGeorge Morrison Cuir in eagar ar Wikidata
CeolSeán Ó Riada Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Céadléiriú1959 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán faisnéiseach Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síMise Éire Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt1281853 Cuir in eagar ar Wikidata

Scannán faisnéise é Mise Éire a thugann cur síos ar imeachtaí staire na hÉireann sna blianta 1896-1918, idir fhorbairt an náisiúnachais in Éirinn, Éirí Amach na Cásca, agus bhua Shinn Féin i dtoghchán na bliana 1918.[1][2]

Rinne George Morrison an stiúrthóireacht, agus chum Seán Ó Riada an ceol don scannán. B'iad Pádraig Ó Raghallaigh agus Liam Budhlaeir na tráchtairí. B'é Seán Mac Réamoinn a scríobh téacs na tráchtaireachta. B'é Gael-Linn a léirigh an scannán.[3]

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seanábhar scannáin atá i Mise Éire ó thús deiridh. Trí úsáid a bhaint as nuachtscannáin, nuachtríleanna, grianghraif na linne agus ábhair chomhaimseartha eile, ríomhann Mise Éire stair na tréimhse 1896-1918.

Feictear  i Mise Éire, cur síos ar na mór-imeachtaí i ndáil le hÉirí Amach 1916, ar an méid a tharla lena linn agus faightear radharc ar na mórphearsana a ghlac páirt, ina measc, Ó Coileáin, de Valera agus Carson.

Mise Éire ar cheann de na chéad scannáin fhaisnéise riamh a cuireadh i dtoll le chéile as an gcineál seo pictiúirí. Chuaigh Morrison ar lorg ábhar pictiúirí de na daoine a bhí sáite sna himeachtaí seo ina lán cartlanna. D'éirigh leis, mar shampla, an beagán de na pictiúirí beo a bhí tógtha de Thomás Ó Cléirigh riamh a shuí sa scannán.

Fuair an scannán a ainm ó dhán cáiliúil Phádraic Mhic Phiarais, Mise Éire.

Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Mise Éire ar an scáileán an chéad uair ag Féile na Scannánaíochta i gCathair Chorcaí ar 29 Meán Fómhair 1959. Tharla an chéad léiriú scannáin poiblí 5 Feabhra 1960 Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine.[4]

Tar éis Mise Éire, léirigh Gael Linn agus George Morrison scannán eile den chineál chéanna faoi na himeachtaí staire in Éirinn ina dhiaidh sin, mar atá, Saoirse?. I 1966 tháinig scannán staire eile amach - An Tine Bheo. Mar chuid de chomóradh Éirí Amach 1916 a rinneadh an ceann áirithe seo. Lean Gael Linn agus an Riadach orthu leis an réabhlóid cheoil - ceol na scannán, Mise Éire, Saoirse?, agus An Tine Bheo, a luaitear mar chloch mhíle i bhforbairt an cheoil Ghaelaigh.[5]

Seán Ó Riada, cumadóir

Sa bhliain 2006, d'eisigh Gael-Linn an scannán ina dhiosca digiteach (DVD). Tá leabhrán mínithe leis anseo, mar aon le  hábhar scannánaíochta sa bhreis, an gearrscannán An Tine Bheo agus le nuachtscannán sa tsraith Amharc Éireann, a thugann cur síos ar an dóigh a ndearnadh an scannán.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Youtube. "Mise Éire - with foreign English subtitles. Also watch its companion film 'SAOIRSE?'" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 George Morrison, Seán Ó Riada (1959). "Mise Éire, físeán le feiceáil ar Rutube". Dáta rochtana: 2021.
  3. Myles Dungan (2016-02-05). "On This Day – 5 February 1960 – the first commercial screening of Mise Eire" (en). Myles Dungan. Dáta rochtana: 2020-09-30.
  4. Antoine Ó Coileáin. "An scannán cáiliúil Saoirse? ar fáil ar DVD" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-30.
  5. "Stair Gael Linn | Gael Linn" (ga). www.gael-linn.ie. Dáta rochtana: 2020-09-30.
  6. "Mise Éire DVD" (ga). Gael Linn. Dáta rochtana: 2020-09-30.