Mir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stáisiún spáis. I 1986 a lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad aonad de shaotharlann spáis a dtugtar Mir air i bhfithis bhuan timpeall an Domhain. Ionad maireachtála, córais cumhachta leictrí is cothabhála beatha a bhí sa bhunaonad 20 tonna seo. De réir a chéile cuireadh aonaid breise leis le turgnaimh iomadúla a chur i gcrích, fiú i gcomhoibriú leis na Stáit Aontaithe le blianta anuas. Éacht oibre a bhí ann gach uair a chuaigh spásárthach suas le haonad nua a ghreamú leis, spásairí a chur ar bord nó a thógaint amach as, nó soláthairtí de gach saghas a chur ar bord. Rinne tointeálaí spáis de chuid na Stát Aontaithe ionad coinne le Mir minic go leor le blianta anuas. Tá an-chuid taighde déanta ann ar ábhair éagsúla: réaltraí, cuasáir, neodrónréaltaí, an Domhan féin, a acmhainní is a atmaisféar, ábhair bitheolaíochta, agus próiseáil ábhar eile faoi dhomhantarraingt nialasach. Ach le 83,500 fithis thart ar an Domhan curtha de, bhí an struchtúr 40 tonna tagtha chun deireadh a ré. I 1997 d'imbhuail spásárthach lasta leis, agus bhí sé deacair na deisiúcháin a dhéanamh i gceart. I 1999 d'fhág na Rúisigh é. I 2001, fuinnmhíodh scairdinnill le Mir a bhrú amach as a fhithis i dtreo an Domhain. Nuair a tháinig sé i dteagmháil le barr an atmaisféir, timpeall 100 km in airde, thosaigh sé ag téamh le frithchuimilt leis an ngás san atmaisféar, ag dó is ag galú. Mar sin féin, meastar gur mhair oiread éigin tonnaí le tuairtéail ar an Domhan: tharla sé seo san Aigéan Ciúin i ngar d'Fhidsí. Ní raibh rialtais na dtíortha faoin bhfithis dheiridh, an Astráil ina measc, róshásta leis seo. Mar a tharla, níor gortaíodh duine ar bith leis an tuairteáil isteach san aigéan, agus seó iontach tine ealaíne a bhí inti.