Mionnscríbhinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is mionnscríbhinn ann ná ráiteas nó cáipéis a thugtar faoi mhionn. Go tipiciúil, is é an rud a bhíonn i gceist le mionnscríbhinn ná fianaise a chuireann an finné ar fáil don chúirt.

Le go mbeadh an mhionnscríbhinn bailí ó thaobh an dlí de, ní mór do Choimisinéir na Mionn a bheith i láthair agus an finné ag tabhairt na fianaise uaidh. Caithfidh an finné an leabhar a thabhairt, is é sin, lámh a chur ar an mBíobla (nó ar an Sean-Tiomna, más Giúdach é), agus focail an mhionna a labhairt i ndiaidh an choimisinéara. Mura ligfidh a chuid barúlacha i leith an chreidimh dó an leabhar a thabhairt, is féidir leis an bhfinné a chuid fianaise a thabhairt gan baint don Bhíobla. Sa chás sin, ní thugtar mionnscríbhinn ar an doiciméad, ach dearbhascadh.