Micreathonnán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Micreathonnán

Is é is micreathonnánoigheann micreathonnta ann ná gléas cócaireachta ina n-úsáidtear micreathonnta, is é sin, radaíocht a bhfuil minicíocht agus tonnfhad na radathonnta is airde minicíochta, nó is lú tonnfhaid, aici. D'fhéadfá a rá go bhfuil na micreathonnta idir na gnáth-radathonnta agus an radaíocht infridhearg (an radaíocht teasa). Is é an tonnfhad is tipiciúla ag na micreathonnta san oigheann den chineál seo ná 12.24 cm, agus é ag freagairt do mhinicíocht 2.45 GHz. Is é an rud atá ag tarlú le linn úsáid an mhicreathonnáin ná go bhfuil na micreathonnta ag dul tríd an mbia agus an bia ag glacadh fuinnimh chuige ó na tonnta tríd an bpróiseas ar a dtugtar téamh tréleictreach. Tá a lán móilíní ann, sa bhia féin, a bhfuil móimint dhépholach ag baint leo, is é sin, is féidir pol leictreach diúltach agus pol leictreach deimhneach a aithint ar an móilín, ós rud é nach bhfuil na leictreoin scaipthe cothrom ar fud an mhóilín. Faoi thionchar na micreathonnta, tosóidh na móilíní seo ag iarraidh iad féin a chur faoi ordú a cheadódh dóibh pol diúltach a chur in aice le pol deimhneach an mhóilín eile agus a mhalairt. Ansin, tosóidh siad ag rothlú, agus is é an rothlú seo is cúis leis an téamh.

Tá an t-uisce comhdhéanta as móilíní dépholacha, agus mar sin, oibríonn an micreathonnán go maith air. Ní bhíonn na móilíní saille nó siúcra chomh maith céanna á dtéamh, ós rud é nach bhfuil siad chomh dépholach leis an uisce. Ní bhíonn mórán maithe sa mhicreathonnán leis an uisce sioctha (oighear) a théamh ach an oiread, ós rud é nach bhfuil cead rothlaithe ag na móilíní uisce i gcriostal an oighir.

Is minic a shíltear go dtéitear an bia sa mhicreathonnán "ón taobh istigh", is é sin, go ngintear an teas taobh istigh den bhia. Ní mar sin atá, áfach. Is é dromchla an bhia is mó a ghlacann teas ón radaíocht micreathonnta, díreach mar a bhíonn ag tarlú i ngnáth-oigheann. Scéal eile ar fad é go mbíonn na micreathonnta, go háirithe na micreathonnta is airde minicíochta agus is giorra tonnfhaid, in ann dul síos trí dhromchla an bhia an áit a bhfuil sé tirim.

Struchtúr an mhicreathonnáin[athraigh | edit source]

Is iad comhpháirteanna an mhicreathonnáin ná:

  • an claochladán ardvoltais, a sholáthraíonn fuinneamh don mhaighnéatrón;
  • an maighnéatrón (an logmhaighnéatrón), is é sin, cineál folúsfheadán ina ngintear na micreathonnta féin;
  • ciorcad rialúcháin an mhaighnéatróin, agus micririalaitheoir (cineál micreaphróiseálaí nó slis ríomhaireachta) leabaithe ann;
  • tonntreoraí, is é sin, gléas leis na micreathonnta a rialú is a threorú;
  • seomra cócaireachta, is é sin, an bocsa ina gcuirtear an bia.