Micreadhomhantarraingt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staid saorthitime gan mheáchan a fhaightear i spásárthaigh. I bhfithis timpeall an Domhain, cothromaíonn an luasghéarú lártheifeach de bharr an fhithisithe chiorclaigh an luasghéarú de bharr domhantarraingthe. Is féidir an staid seo a shamhlú mar seo freisin: go bhfuil réad atá i bhfithis chiorclach timpeall an Domhain á luasghéarú i dtreo lár an Domhain an t-am ar fad, ach go mbíonn dromchla an Domhain á luasghéarú sa treo urchomhaireach ag an am céanna. Le fírinne, de bharr imtharraingt an spásárthaigh féin is luasghéaruithe a dhéanann córas rialaithe seasaimh an spásárthaigh ó am go chéile, ní chothromaíonn na príomhluasghéaruithe a chéile an t-am ar fad, agus is deacair micreadhomhantarraingt níos lú ná an milliúnú cuid den domhantarraingt a fháil i gcomhair tástála. Mar sin, is beag seans turgnaimh faoi mhicreadhomhantarraingt a dhéanamh sna stáisiúin bheaga spáis atá ar fáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Micreadhomhantarraingt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.