Mianadóir duille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Larbha feithide a itheann trí fhíocháin na duilleoige idir an dromchla uachtarach is an dromchla íochtarach, ag fágáil spásanna (mianaigh) taobh thiar de. Colainneacha leata a bhíonn ag an gcuid is mó díobh, agus cinn dhingeacha. Larbhaí cuileog, féileacán is ciaróg is mó iad na mianadóirí duille.