Miúil (gléas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Miúil sníofa Chrompton

I dteicstílí, is crann sníomhacháin í miúil (nó miúil sníofa[1]) a cheap Samuel Crompton i 1779, a rinne an próiseas sníofa, a bhíodh lámhdhéanta, iomlán meicniúil. Breathnaíodh uirthi mar hibrid de dhá threalamh eile, agus ar an ábhar sin a tugadh an t-ainm seo uirthi. D'úsáidtí ar chadás í ar dtús, ach oiriúnaíodh í do mheiríonó is snáithíní eile níos déanaí. Próiseas uaineach ab ea í, agus tháinig trealaimh le próisis leanúnacha ina hionad.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): miúil sníofa” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-02.
  2. Hussey, Matt (2011). "Miúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.