Meitreo Phrág

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Meitreo Prág)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Meitreo Phrág

Íomhá
Sonraí
CineálMeariompar
Cuid dePrague Integrated Transport (en) Aistrigh
Foirgníocht9 Bealtaine 1974 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla9 Bealtaine 1974 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Tomhas65.2 (fad) km
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPrág, Poblacht na Seice
Le cuidLine A (en) Aistrigh
Technical center TC 3 Radlická (en) Aistrigh
Line C (en) Aistrigh
Line B (en) Aistrigh
Line D (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
OibreoirPrague Public Transit Company (en) Aistrigh
Cuairteoirí440,489,000 (2019)
Suíomh gréasáin oifigiúildpp.cz…

Is gréasán córais iompair phoiblí é Meitreo Phrág. Is fobhealach é an gréasán seo agus tá sé suite i bPrág i bPoblacht na Seice. Is é an modh iompair is tapaí timpeall na cathrach agus freastalaíonn sé ar thart is 1,5 milliún duine agus mar sin is é an séú córas meitreo is gnóthaí san Eoraip.

Buneolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí líne sa chóras agus tá dath difriúil ag baint le gach aon líne ar na mapaí agus na comharthaí: Líne A (glas), Líne B (buí) agus Líne C (dearg). Tá 57 stáisiún san iomlán (stáisiúin aistrithe is ea iad 3 acu) agus tá siad ceangailte le beagnach 60 ciliméadar d'iarnród faoi thalamh. Feidhmíonn an meitreo ó 4-5 A.M. go dtí meán oíche gach lá, le sosanna de dhá nó trí nóiméad idir traenacha le linn buaicthrátha tráchta. Úsáideann níos mó ná 620 milliún duine Meitreo Phrág gach bliain.

Reáchtálann Comhlacht Iompar Poiblí Phrág (Dopravní podnik PrahaDP Praha) an meitreo. Oibríonn an comhlacht gach modh iompair phoiblí timpeall na cathrach (an meitreo, na tramanna, busanna, an funicular go Cnoc Petřín agus an t-ardú suíocháin isitigh i Zú Prág). Ón mbliain 1993, ceanglaítear an córas do thraenacha comaitéirí agus do bhusanna agus do charrlochta "páirceála agus taistil". Le chéile, cruthaíonn siad gréasán iompair phoiblí a théann a fhad ón gcathair agus tugtar "Iompar Comhtháite Phrág" orthu (Pražská integrovaná doprava—PID). Cé go bhfuil criosanna difriúla sa chóras agus go bhfuil praghsanna difriúla ag baint le gach criosanna, tá an meitreo istigh sa lárchrios go hiomlán.

Tá a lán stáisiún meitreo an-mhór agus tá na bealaí isteach spásáilte réasúnta i bhfad ó chéile. Ach tugann sé sin go mearbhall do thurasóirí, go háirithe ag na croíláir mar Můstek nó Muzeum: níl sé dóthain chun dul go dtí an stáisiún ceart; ní mór do dhaoine an slí amach ceart don dromchla a roghnú freisin nó is féidir go mbeadh duine cúig nó deich nóiméad ar shiúl ón gceann cúrsa a bhí leagtha amach. É sin ráite, áfach, tá comharthaí maithe sna stáisiúin, fiú do dhaoine nach bhfuil Seicis acu.

Leagan amach agus stáisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

stáisiún Náměstí Republiky
Droichead idir Luziny agus Hurka.

Tá córas Mheitreo Phrág leagtha amach mar thriantán, agus tagann na trí líne le chéile i lár na cathrach ag na trí stáisiún aistrithe. Tá dhá halla i ngach stáisiún aistrithe, halla amháin do gach aon líne. Tá difríocht i ndoimhneacht na stáisiún (agus na líne aistrithe) go mór ón a chéile. Is é Náměstí Míru an stáisiún is domhain – tá sé 52 méadar ar doimhneacht. Polladh roinnt iarnróid d’iarann i lár na cathrach ag baint úsáid as an sciath tunaileoireacht. Polladh iarnród d’iarann lasmuigh ag baint úsáid as an modh "gearr agus clúdaigh" agus níl na stáisiúin ach cúpla méadar faoin dhromchla. Téann líne B go páirteach i dtollán gloine os cionn talon.

Tá ardán aonair ag formhór na stáisiún i lár halla an stáisiúin agus freastalaíonn sé ar an dá treo. Tá síleáil díreach ag na stáisiúin fodhromchla agus tá ceann acu neartaithe le colúin. Tá tolláin níos mó ag na stáisiúin doimhneacht le tolláin iarnród ar an dá taobh. Maistear ballaí a lán stáisiún le painéil alúmanaim daite agus tá dath difriúil ag gach stáisiún.

# Ainm Oscailte Fad Stáisiúin
A Líne A (Linka A) 1978 17,1 km 17
B Líne B (Linka B) 1985 25,6 km 24
C Líne C (Linka C) 1974 22,7 km 20
Iomlán: 59,3km 57 (féach thuas)

Ticéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Córas ticéid gan cheilt is ea Meitreo Prág. Ní mór do phaisinéirí ticéad a cheannach agus a bhailíocht sula dul ar an ardán meitreo. Tá cigire faoi éide ann agus tá cead acu bailíocht an ticéid a hiniúchadh ag aon am sa limistéar ticéid éigeantach.

Is féidir an ticéad céanna a úsáid ar gach modh iompair i bPrág ach amháin ticéid singil comaitéir. Cosnaíonn an bunthicéad (an ceann aistriú) 26 CZK (ón céad lá Eanáir 2008) agus is féidir taistil ar feadh 75 nóiméad (90 nóiméad i rith an tráthnóna, an deiridh seachtaine agus lá saoire stát). Cosnaíonn an ticéad gan aistriú 18 CZK agus tá sé bailíocht achar 5 stáisiún meitreo (ní chuimsítear stáisiún an bhailíocht) agus is féidir aistriú idir líne A, B agus C ach caithfidh an turas a bheith faoi 30 nóiméad san iomlán. Ó Mí na Nollaig 2007, is féidir an bunthicéad aistriú a cheannach le SMS má sheoltar DPT do 902 06 26 (oibreoirí Seiceacha amháin).

Tá pasanna gearrthéarma ar fáil do thréimhse 24 uair (100 CZK), 3 lá (330 CZK) agus 5 lá (500 CZK).

Ina theannta sin, tá pasanna fadtéarmach ar fáil (is gá grianghraf aitheantais) do thréimhse mí amháin (550 CZK), trí mhí (1.480 CZK) nó an pas bliantúil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéim Ladislav Rott do Bhardas na Cathrach Phrág

Cé go bhfuil Meitreo Phrág réasúnta nua, bhí a lán pleananna ann roimhe seo chun iompar faoi thalamh a thógáil sa cháthair. Chuir Ladislav Rott an chéad tógra ar aghaidh i 1898 chun iarnród fodhromchla a thógáil. Spreag sé bardas na cathrach chun leas a bhaint as na hoibreacha séarachais a chomhlíonadh sa chathair ag an am sin. Theastaigh ó Rott go dtosnóidis ag tochailt tollán don iarnród ag an am chéile. Ach dhiúltaigh na pleanálaithe bailte, áfach. Tógra eile a chuir Bohumil Belada agus Vladimír List ar aghaidh i 1926 ab ea an chéad tógra chun an focail “Meitreo” a lua. Ach diúltadh an tógra sin chomh maith. Sna 1930idí agus 1940idí, bhí dhá plean ann – chun trambhealach faoi thalamh a thógáil (gnáthstoc rollta a rachadh faoi lár na cathrach, nó “réamh-mheitreo” mar a ghlaoitear inniu) agus “fíormheitreo” le córas neamhspleách d’iarnróid. I ndiaidh an dara Chogaidh Dhomhanda, stopadh an obair go leor cé go raibh na trí líne, A, B agus C beagnach beartaithe go léir.

I dtús na 1960idí, glacadh le coincheap thrambhealaigh fhodhromchla sa deireadh agus ar an 9ú Lúnasa 1967, tosaíodh tógáil an chéad stáisiúin (Hlavní nádraží). Ach sa bhliain chéanna, bhí athrú substantiúil sa choincheap mar bheartaigh an rialtas, faoi thionchar comhairleoirí Sóivéadacha, chun córas “fíormheitreo” a thógáil in áit trambhealaigh faoi thalamh. Mar sin de, i rith an chéad bhliain, lean an tógáil ar aghaidh nuair a athraíodh an scéim go hiomlán. Osclaíodh seirbhís rialta ar an Líne C ar an 9ú Bealtaine 1974 idir na stáisiúin Sokolovská (anois Florenc) agus Kačerov. Lean an tógáil ar aghaidh go tapaidh tar éis é sin. I 1978, osclaíodh an chéad chuid ar líne A agus ar deireadh, osclaíodh líne B i 1985. Mar sin, cruthaíodh triantán le na 3 pointe trasnáil. Ó shin, síneadh na hiarnróid ón lár. Síneadh Líne B ó Nové Butovice go Zličín i 1994 agus ó Českomoravská go Černý Most i 1998. Osclaíodh na stáisiúin Kolbenova agus Hloubětín i 2001.

Bhí ainmneach ag 14 stáisiúin a bhí ag baint leis an idé-eolaíocht Chumannach ach ar an 22ú Feabhra 1990, athainmníodh iad chun a bheith neodrach. Bhí busta mór Lenin sa stáisiún Leninova roimh an Réabhlóid Veilbhit ach athainmníodh é go “Dejvická”, ainm sráide in aice láimhe.

San idirlinn, athchóirítear nó athraítear na seanthraein Rúiseacha. Meastar go mbeidh na traein athfheistiú i seirbhís ar feadh 15 bliain eile. Beidh athnuachan an stoic rollta déanta ag an mbliain 2007.

Mí Lúnasa 2002, na líne agus na stáisiúin a bhádh

I mí Lúnasa 2002, d’fhulaing an meitreo de thoradh bá uafásaigh a thiteadh i gcuid den mBoihéim agus limistéir eile in Eoraip Láir. Bádh 14 stáisiún agus dá bhrí sin bhí stad sa chóras iompair i bPrág. Meastar go gcostaigh an damáiste don meitreo timpeall 7 billiún CZK (thar $200 milliún). D’fhan na stáisiúin a bhádh as seirbhís ar feadh roinnt míonna. Athosclaíodh an stáisiún deireanach (Křižíkova) i Márta 2003. Cuireadh órphlataí beaga ag cuid de na stáisiúin chun leibhéal an uisce is airde a thaispeáint.

stáisiún Kobylisy, líne C (2004)

Osclaíodh síneadh tuaisceartach de Líne C ar an 26ú Meitheamh le dhá stáisiúin eile – Kobylisy agus Ládví. Síneadh Líne A le déanaí níos faide thoir. Ar 26ú Bealtaine 2006, osclaíodh stáisiún cinn aistir nua, Depo Hostivař. Tógadh an stáisiún i foirgneamh de stáisiún cinn aistir a bhí ann cheana féin. Is é an chéad cuid den chórais a thógadh os cionn talún gan tollán.

Síneadh Líne C le déanaí chun lár na cathrach a cheangail le na túrcheaip mór i bProsek. Osclaíodh 3 stáisiún (Střížkov, Prosek agus Letňany) ar 8ú Bealtaine 2008.

Gnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciallaíonn "Můstek", "droichead beag" agus baineann seo leis an limistéar timpeall an stáisiúin Můstek. Ní raibh tionscnamh ainm an limistéir ar eolas go dtí go thángthas ar fhothrach droichid meánaoisigh le linn tógála an stáisiúin. Corpraíodh na fothrach sa stáisiún agus is féidir iad a fheiceáil in aice bealaigh amach iarthuaisceartach.

Tá an staighre beo ag Náměstí Míru i Vinohrady timpeall 100 méadar ar fad agus, dár leis an dtógálaí, is é an staighre beo is fada in Eoraip. Maireann an turas ar an staighre beo timpeall dhá nóiméad go leith má sheastar gan bogadh. Idir na stáisiúin I. P. Pavlova agus Vyšehrad, ritheann Líne C isitgh i struchtúr bosca an Droichid Nusle thar gleann rite.

Tugadh “Moskevská” (Stáisiún Moscó) ar an stáisiún Anděl go dtí 1990. D’oscail sé ar an lá céanna in 1985 ná an stáisiún Prazhskaya ar an Meitreo Moscó. Tá roinnt phíosa ealaíne bholscaireachta sa stáisiún a chuireann cairdeas Sóivéadach-Seiceslóvac chun cinn. Is iad sin na samplaí is fearr d’ealaín bholscaireachta ón ré Chumannach atá fós i bPrág.

I rith an ré chumanaigh, scaipeadh ráflaí go raibh seomraí marthanas tógtha do hard-oifigigh sa rialtas i gcás ionsaí núicléacha. Tar éis titime chumannachais, fuarthas amach go raibh seomraí mar sin ann ach ní raibh siad chomh mór nó macnasach mar a mheasadh.

An todhchaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá pleananna ann chun líne nua, líne D (nó gorm), a thógáil tar éis críochnú fadú líne C. Nascfadh líne D lár na cathrach le deisceart na cathrach agus rachadh sé ó Hlavní nádraží (an príomhstáisiún traenach) trí cheantar Nusle síos go dtí na comharsanachtaí fo-uirbeacha Krč, Libuš and Písnice sa deisceart. Má éiríonn an scéim go maith, tosnóidh an céad cuid den líne timpeall 2013. Moladh líne E chomh maith ach níl aon rud cinnte faoin líne go dtí seo.

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]