Gael-Mheiriceánaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaGael-Mheiriceánaigh

Cineálpobal eitneach
Tíreolaíocht
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Léarscáil dáileacháin

Is gnách Gael-Mheiriceánaigh a thabhairt ar na hÉireannaigh a chuaigh ar imirce go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith lena sliocht agus le sliocht a sleachta. I Suirbhéireacht Phobail Mheiriceá sa bhliain 2006, is é sin, cineál daonáirimh a chuir san áireamh na pobail eitneacha sa tír, thug beagnach 36 mhilliún duine, nó dáréag faoin gcéad de mhuintir na Stát Aontaithe ar fad, go raibh "oidhreacht Éireannach" acu. Is iad na Meiriceánaigh de phór na Gearmáine an t-aon phobal amháin den chineál seo a sháraíonn na Gael-Mheiriceánaigh. Tabhair faoi deara go bhfuil sé de ghnáthamh sna Stáit gan dearcadh ar na Protastúnaigh Ultacha - na Scots-Irish mar a thugtar orthu i mbéarlagair Mheiriceá - mar "Éireannaigh". Mar sin, tá an saindúchas Éireannach fite fuaite leis an gCaitliceachas sna Stáit Aontaithe.

Gael-Mheiriceánaigh:
John F. Kennedy, Mother Jones, George M. Cohan
James Braddock, Michael J. McGivney, J.M. Curley
Victor Herbert, Eugene O'Neill, Ed Sullivan.

Inimirce na nÉireannach go dtí na Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hÉireannaigh Chaitliceacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inimircigh Éireannacha i Kansas City, Missouri, 1909

Bhí Éireannaigh Chaitliceacha ag dul go Meiriceá fiú roimh bhunú na Stát Aontaithe, cé nach raibh mórán imirce ann san am. Cuid acu ba searbhóntaí baile, cailíní aimsire agus a leithéidí iad, agus cuid eile fós bhí siad i ndaoirse fiach - is é sin, bhí siad ag sclábhaíocht le leabhar na bhfiach a ghlanadh. Cuid eile acu fós, cuireadh an loch amach iad - is é sin, haistríodh thar sáile iad mar phionós. Chuaigh líon na n-inimirceoirí Éireannacha in airde nuair a bhí lucht oibre ag teastáil in Oirthuaisceart na Stát Aontaithe le canálacha a ghearradh, crainn a leagan, agus tithe a thógáil. Fir ba mhó a chuaigh leis an gcineál seo oibre, ar ndóigh. Mar shampla, nuair a gearradh an chanáil ó Loch Erie go hAbhainn Hudson, tháinig an chuid ba mhó den lucht oibre ó Éirinn nó as measc an phobail Ghaelaigh. D'fhás pobail thábhachtacha d'Éireannaigh in áiteanna cosúil le Bostún, Philadelphia, Cathair Nua-Eabhrac, agus Providence.

Le linn an Drochshaoil agus ina dhiaidh, sa dara leath de na 1850idí, tháinig na milliúin Éireannaigh go dtí an tOileán Úr, idir Cheanada agus na Stáit Aontaithe. Cuid mhór acu siúd a d'imigh ó Éirinn ag an am le haghaidh a thabhairt ar Mheiriceá, áfach, fuair siad bás amuigh sa teiscinn mhór, ó bhí na galair mharfacha ag siúl ar na daoine sna báid bhána. Ba nós coffin ships - longa an bháis - a thabhairt ar na longa imirce ó Éirinn go Meiriceá, fiú, ó chuaigh an t-éag chomh míthrócaireach ar na paisinéirí sular bhain siad amach an cladach thall.

Chuaigh duine as an triúr acu siúd i dtír i gCeanada ar dtús, ach is minic nár chuir siad fúthu ansin, nó dá gcuirfidís, d'fhanfaidís ina ngéillsinigh do choróin na Breataine Móire. Sna blianta 1820-1860, tháinig duine as gach triúr inimirceoirí sna Stáit ó Éirinn, agus bhí dhá dtrian de na hÉireannaigh ina gCaitlicigh. Faoi dheireadh na 1840idí, áfach, bhí duine as gach beirt de na hinimirceoirí ag teacht ó Éirinn, ó bhí an dúrud daoine ag éalú ón ngorta.

Shocraigh cuid mhór de na daoine seo i mórchathracha na Stát Aontaithe, in áiteanna cosúil le Nua-Eabhrac, Bostún, Philadelphia, Pittsburgh, Detroit, Siceagó, St. Louis (i stát Missouri), agus San Francisco. Inniu féin, tá pobal substainteach de phór na hÉireann le fáil ina lán de na háiteanna seo. Tá níos mó Éireannaigh - nó daoine a thugann Éireannaigh orthu féin - i gCathair Nua-Eabhrac ná i mBaile Átha Cliath, inniu féin. Ba iad na cathracha seo bealach na nÉireannach isteach i sochaí na Stát Aontaithe. Mar shampla, níor éirigh go rómhaith le feachtais Arm na Stát Aontaithe Éireannaigh a earcú le haghaidh an chogaidh idir na Stát Aontaithe agus Meicsiceo, nó ina dhiaidh sin, le haghaidh Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe, ach sna cathracha bhí cuid mhaith Éireannach a bhí sásta liostáil as a stuaim féin le héalú ón dífhostaíocht. Dhiúltaigh na hÉireannaigh don choinscríobh éigeantach, áfach, agus bhí scliúchais ann uaireanta nuair a rinneadh iarrachtaí leis na daoine a phreasáil san arm. Na scliúchais ba mhó den chineál seo, thit siad amach i Nua-Eabhrac sa bhliain 1863, nuair a d'fhéach an tUachtarán Lincoln le coinscríobh a chur i bhfeidhm.

Is dócha go raibh an Béarla ag an gcuid is mó de na hinimirceoirí Caitliceacha nuair a bhain siad amach an cladach thall, ach mar sin féin, is léir go raibh Gaeilge ag cuid mhór acu freisin. Inniu féin, tá timpeall is 25 mhíle duine ina gcónaí sna Stáit Aontaithe a bhfuil an teanga ó dhúchas acu. I Stát Nua-Eabhrac atá cónaí ar an bpobal is líonmhaire, ach is é Massachusetts an stát is mó Gaeilge ó thaobh an chéatadáin de.

Na Protastúnaigh Ultacha sna Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách Scots-Irish nó Albanaigh Éireannacha a thabhairt ar shliocht na bPlandóirí Ultacha a shocraigh síos sna Stáit. Tá an úsáid seo ag cur go maith leis an nós a bhíonn ag lucht labhartha Ghaeilge Uladh "Albanaigh" a thabhairt ar Phrotastúnaigh an chúige - nós atá chomh fréamhaithe sa chanúint agus go gcaithfidh tú "duine as Albain" a thabhairt ar aon duine a tháinig ó Albain go Cúige Uladh lenár linn féin. Pé scéal é, tá cónaí ar 4.9 milliún duine sna Stáit a dhearcann orthu féin mar "Albanaigh Éireannacha".

Tháinig an chuid ba mhó de shinsir na ndaoine seo san ochtú haois déag, agus iad ag iarraidh teacht slán ón míshuaimhneas polaitiúil ba dual do Chúige Uladh san am sin féin, chomh maith leis an drochbhail eacnamaíochta a bhí ar an gcúige ag an am. Chuaigh formhór mór na ndaoine ar imirce roimh bhunú na Stát Aontaithe mar stát neamhspleách - is é sin, bhí siad ag bogadh baile taobh istigh d'impireacht na Breataine Móire. Nuair a tháinig siad go Meiriceá, shocraigh an chuid ba mhó acu sna cúlriasca, agus san am sin, haithníodh mar ghrúpa eitneach ar leith iad, ach nuair a thosaigh na hÉireannaigh Chaitliceacha ag tonnadh isteach, bhí na hAlbanaigh Éireannacha i bpríomhshruth na sochaí le fada, agus chuir sean-naimhdeas an dá ghrúpa seo leis an drogall a fuair na Gaeil Chaitliceacha rompu i Meiriceá i dtús báire.

Ós Caitlicigh ab ea na hinimirceoirí nua Éireannacha, bhí sé ag dul rite leo i dtús fódú ceart a dhéanamh i Meiriceá, agus an chuid eile den tsochaí ag cloí leis an bProtastúnachas. Thairis sin, tháinig siad ó thír a bhí beo ar an talamh agus ar an talmhaíocht, ach san am sin bhí na Stáit Aontaithe ag dul chun tionsclaíochta go tiubh teirimeach. Bhí saol i bhfad ní b'fhusa ag na Scots-Irish nuair a shocraigh siad síos i Meiriceá, nó bhí siad ábalta dul le feirmeoireacht ar an toirt.

Le déanaí, thosaigh sliocht na bProtastúnach Ultach san Oileán Úr ag cur suime i ndúchas a sinsear arís. An chuid ba mhó de na hÉireannaigh Phrotastúnacha i Meiriceá, chuaigh siad le curadóireacht mar shlí bheatha, go háirithe sna críocha a bhí in aice le tailte na mbundúchasach. Mar sin féin, d'fhan cuid mhór de na Protastúnaigh Ultacha sna cathracha móra le dul le ceird éigin.

An Ghairm Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuid mhór de na hinimirceoirí Caitliceacha ó Éirinn, chuaigh siad ar lorg sna cathracha agus ar na láithreáin oibre áit a rabhthas ag gearradh iarnróid nó canálacha nua. Faoin tuath i stát Nua-Eabhrac, i gceantar na Loch Mór, i Lár an Iarthair agus sa Chianiarthair, chuaigh na hÉireannaigh Chaitliceacha féin le curadóireacht is le feirmeoireacht. San Oirthear, d'fhostaigh conraitheoirí Éireannacha lucht a gcomhdhúchais le haghaidh oibreacha tógála ar nós obair an uisce (canálacha, séarachas) nó gearradh na mbóithre is na n-iarnród, go háirithe i Stát Nua-Eabhrac agus i Sasana Nua. Chuaigh lear mór Éireannach go dtí na bailte nua a bhí ag fás timpeall ar mhonarchana, ar nós Lowell, Fall River agus Milford i Stát Massachusetts. Bhí fáilte roimh lucht oibre nua in áiteanna den chineál seo, go háirithe nuair nach raibh siad ag éileamh an iomarca pá. Chuaigh cuid mhaith cailíní Éireannacha in aimsir i dtithe na ndaoine uaisle fosta.

Na hÉireannaigh Chaitliceacha nár éirigh leo fostaíocht a fháil, d'fhan siad ina gcónaí i gcruachás uafásach i slumanna na gcathracha móra.

Cé nach raibh mórán céimíochta nó stádais ag na Caitlicigh Éireannacha ar dtús, bhí siad in inmhe an-dul chun cinn a dhéanamh i rith na mblianta, agus timpeall na bliana 1900, bhí siad ar aon leibhéal lena gcuid comharsan ó thaobh an ioncaim de. Ón mbliain 1945 i leith, is féidir a rá go bhfuil na Gael-Mheiriceánach níos fearr as ná an meánluach, go háirithe toisc go mbíonn siad sásta céim coláiste a bhaint amach.

Fuair na hÉireannaigh jabanna go sciobtha sna póilíní, sa bhriogáid dóiteáin agus i bhforais phoiblí eile sna cathracha móra go háirithe san Oir-Thuaisceart agus i réigiún na loch mór. Sna 1860idí, ba Ghael-Mheiriceánaigh iad formhór na gcoirpeach a gabhadh i gCathair Nua-Eabhrac - ach san am chéanna, bhí codán na nGael-Mheiriceánach sna póilíní ag druidim le duine as an mbeirt. Faoi chasadh na céide, ba Ghael-Mheiricéanaigh iad ceathrar as an gcúigear acu. Inniu féin, is fusa teacht ar dhuine de phór na hÉireann i measc na bpóilíní ná i measc na ngnáth-Mheiriceánach, go háirithe i Nua-Shasana.

Frith-Éireannachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógra saineagraithe ón New York Times (1854): "Young man wanted - No Irish need apply". Sin é an cineál fáilte a fuair na hÉireannaigh rompu faoi lár na 19ú haoise, an tréimhse ba mhó frith-Éireannachais i stair na Stát Aontaithe

Nuair a tháinig na sluaite móra d'inimirceoirí Caitliceacha ó Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe, bhí an Protastúnachas i bhfad ní ba láidre sa tír sin ná inniu, agus cuid mhaith de mhuintir na Stát an-drochamhrasach i leith an Chaitliceachais agus an-mhímhuiníneach as na hÉireannaigh. Ní mórán Protastúnach a phósfadh Caitliceach san am sin ach an oiread - bhí na heaglaisí go léir an-diúltach do chleamhnais mheasctha. Bhí na scoileanna poiblí go mór i dtuilleamaí Bhíobla an Rí Séamus, ach ní raibh na Caitlicigh sásta leis an leagan seo den Scrioptúr, ó shíl siad go raibh sé dímheasúil i dtaobh na gCaitliceach. B'fhearr leo, mar sin, scoileanna dá gcuid féin a chur ar bun do na páistí Caitliceacha.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]