Mealbhacán uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féithleog reatha le teannóga. Dúchasach don Mheánmhuir, an Afraic agus an Áise thrópaiceach. Na duilleoga bosach nó liopach go domhain. Na bláthanna fireanna is baineanna buí, timpeall 3 cm ar trastomhas, tonnadóirchruthach. Na torthaí suas le 60 cm ar fhad, ubhchruthach, an craiceann dúghlas leathrúil. Na síolta dubh, leabaithe sa bhia dearg. Saothraítear mar thoradh é sna Stáit Aontaithe, an Áise, agus an Eoraip.