Meán-Bhéarla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'é an Meán-Bhéarla an cineál Béarla a bhí á shaothrú ó ghabháltas Uilliam Concaire ar Shasana (1066) go dtí an dara leath den chúigiú haois déag, nuair a thosaigh Caighdeán na Seansaireachta, a bhí bunaithe ar Bhéarla Londan, ag dul chun tábhachta. San am céanna, bhí an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach á scríobh in Éirinn. Ní raibh caighdeán an Mheán-Bhéarla leath chomh cruinn le caighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí, nó bhí a litriú agus a chanúint féin ag gach scríobhaí timpeall na tíre.

Ní raibh mórán stádais ag an mBéarla i sochaí Shasana i dtréimhse an Mheán-Bhéarla. Bhí sé á úsáid sna cúirteanna dlí, ach b'í an Fhraincis Normánach teanga na n-uasal, teanga na litríochta agus teanga na gcaipéisí poiblí. B'í an Laidin teanga na heaglaise, ar ndóigh. Bhí úsáid áirithe á baint as an mBéarla sa scríbhneoireacht liteartha, cosúil leis na téacsanna cráifeacha, naomhsheanchas agus litríocht shaolta féin. Breacadh an chuid ba mhó de litríocht an Mheán-Bhéarla síos ón dara leath den dóú haois déag anuas, agus mar sin, is gnách "aois chaillte na litríochta Béarla" a thabhairt ar an tréimhse a chuimsíonn an dara leath den aonú haois déag agus an chéad leath den dóú haois déag. Ní raibh an aois chomh caillte sin i ndiaidh an iomláin, áfach, ó ba rud é go raibh na scríobhaithe ag léamh na seantéacsanna san am sin féin agus iad á gcur in oiriúint don teanga chomhaimseartha.

Is é Geoffrey Chaucer an scríbhneoir Meán-Bhéarla is mó a léitear inniu.