Meáin dhigiteacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid taifeadta dhigitigh chun meáin a stóráil ar ríomhairí chun gur féidir iad a phróiseáil le bogearraí ríomhaire. Saothraíodh caighdeáin dhifriúla chun íomhánna, taifeadtaí fuaime is físe a chomhbhrú is a stóráil. Is caighdeán é GIF (Formáid Idirmhalartaithe Grafaice) i gcomhair íomhánna gan chorraí. Is caighdeán é JPEG (an Comhshainghrúpa Grianghrafadóireachta) chun íomhánna toin leanúnaigh gan chorraí a chomhbhrú is a stóráil. Is formáid í MIDI (Comhéadan Digiteach Uirlisí Ceoil) chun aschur gléasanna ceoil a léiriú do shintéiseoir MIDI i ríomhaire nó córas atáirgeadh fuaime. Is caighdeán é MPEG (an Sainghrúpa Scannánaíochta) chun seichimh físe (leis an bhfuaim) a chomhbhrú. Úsáidtear MPEG-1 chun scannáin reatha a stóráil ar CD-ROM, agus MPEG-2 i gcomhair tarchur físe thar achar fada ar línte cumarsáide digití. Is formáid í WAV (Fuaimchomhad Tonnfhoirme) chun fuaim a thaifeadadh go digiteach. Is prótacal é MIME (Iarmhíreanna do Phost Idirlín) chun íomhánna, fuaim, is seichimh físe a sheoladh thar an Idirlíon, agus is féidir leis íomhánna i bhformáidí GIF is JPEG is fís i bhfoirm MPEG a ionramháil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Meáin dhigiteacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 443.