Meáchanlár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Maidir le grúpa réad, cosúil leis an nGrianchórasbraisle réaltaí, an pointe inar féidir an mhais iomlán a shamhlú comhchruinnithe (an maislár nó an baralár) chun a iarmhairt imtharraingthe ar réada eile a ríomh. Léiríonn gluaiseacht an mheáchanláir gluaiseacht an ghrúpa réad ina iomláine. Is ionann iolrú luas an phointe seo is na maise iomláine le suim mhóimintim chodanna uile an réada, nó an ghrúpa read. Mar shampla, is é maislár blúirí buama phléasctha ionad an bhuama roimh an bpléasc. Nuair a fheidhmíonn fórsa ar an gcóras (ar an réad nó an grúpa réad), luasghéaraítear an mhaislár, díreach mar a tharlódh dá mbeadh an mhais iomlán comhchruinnithe ann.[1]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Meáchanlár". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.