McLean, Virginia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMcLean, Virginia

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°55′42″N 77°10′31″W / 38.928333333333°N 77.175277777778°W / 38.928333333333; -77.175277777778
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheVirginia
County of Virginia (en) AistrighContae Fairfax, Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán50,773 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús787.79 hab./km²
Líon na dteaghlach16,767 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighMórcheantar Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla64.450065 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0.3771 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde87 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1910
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Baile i gContae Fairfax, i dtuaisceart Virginia, sna Stáit Aontaithe is ea McLean. Cuireadh dhá phobal, Lewinsville agus Langley, le chéile sa bhliain 1910 agus tugadh an t-ainm McLean ar an mbaile nua.

Measadh 53,673 duine a bheith ina gcónaí in McLean sa bhliain 2015.[1]

Le bheith cruinn, ní baile é McLean ach "áit dhaonáireamh-shainithe" (CDP).

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cónaíonn a lán ard-fheidhmeannach gnó agus ard-oifigeach i rialtas na Stát Aontaithe, chomh maith le taidhleoirí ó thíortha eile, in McLean mar gheall ar an mbaile a bheith chomh cóngarach sin do Washington, D.C.. Tá cheanncheathrú an Central Intelligence Agency suite in Langley, cuid de McLean.

[[Íomhá:USA Today building.jpg|mion|

Tá oifigí USA Today, an nuachtán is mó sna Stáit Aontaithe, suite anseo i gceannáras an Gannett Company, in McLean, Virginia

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na comhlachtaí móra atá lonnaithe in McLean tá Capital One (banc), Mars, Geebo, Booz Allen Hamilton, Freddie Mac agus Hilton Worldwide.

Spring Hill Farm, teach stairiúil in McLean

Tá Tysons Corner, CDP eile, lámh le McLean agus úsáideann comhlachtaí mar Hilton agus Gannett McLean mar a seoladh. Mar an gcéanna, áirítear siopalanna Tysons Corner mar chuid de McLean.

Measadh SA$194,832 a bheith mar theacht isteach ag an ngnáth-theaghlach sa bhaile. Tá dhá Chód ZIP McLean—22101 agus 22102—ar na Cóid ZIP is costasaí sna Stáit Aontaithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]