Maximilien Robespierre
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Maximilien Marie Isidore de Robespierre | |
| Portráid anaithnid t.1793 | |
| Dáta breithe | 6 Bealtaine 1758 |
| Arras, An Fhrainc | |
| Dáta báis | 28 Iúil 1794 |
| Páras, An Fhrainc | |
| Gairm | Dlíodóir, scríbhneoir, réabhlóidí |
| Síniú |
|
Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 1758 – 28 Iúil 1794). Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794. Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.
[athraigh] Saol
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. |
Rugadh é ar 6 Bealtaine 1758 in Arras (Artois). É ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir. É ar an duine ba shuntasaí de na Montagnards sa Chomhdháil, agus dlúthbhaint aige le “claonadh daonlathach” na Réabhlóide. É ar na daoine is conspóidí den ré sin; thug a chairde “an fear dothruaillithe” air, agus chuir a naimhde tíorántacht ina leith. Ábhar mór díospóireachta é an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar Choiste na Slándála Poiblí agus ar an rialtas réabhlóideach, ó deir staraithe éigin nach mór a bhí a chomhghuaillithe faoina anáil. Nuair a básaíodh é in éineacht le haon duine amháin agus fiche dá chairde, ba mhór an babhta ar an rialtas réabhlóideach é. Na daoine ar éirigh leo maoin na huaisle agus na mbaincéirí saibhre a chreachadh i rith na Sceimhle d’oir sé dóibh a lán coireanna a chur i leith Robespierre.
Fuair sé bás faoin ngilitín ar 28 Iúil 1794 i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.