Matthew Bellamy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bellamy i 2004

Ceoltóir Sasanach is ea é Matthew James Bellamy, a rugadh ar an 9 Meitheamh sa bhliain 1978 i gCambridge. Is eisean an t-amhránaí, seinnteoir giotáir agus seinnteoir méarchláir sa bhanna ceoil Muse. Is é an príomh-scríobhneoir amhráin agus fórsa cruthaitheach an bhanna. Is aindiachaí é Bellamy.

Giotáraí tréitheach é Bellamy, agus chríochnaigh a "riff" ón rian Plug in Baby ag uimhir a hocht sa tsuirbhé Top 100 Riffs a bhí déanta ag an iris Total Guitar. Seineann Belly roinnt giotáir éagsúla, mar shampla Manson, Fender 'Aloha' Stratocaster, Gibson Les Paul DC Lite, Gibson SG, Jackson Randy Rhoads, Parker 'Fly', Peavey EVH Wolfgang agus Yamaha Pacifica.

Tagairtí[athraigh | edit source]


CEOL
Is síol ceol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.