Martinus Veltman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Waalwijk na hOllainne is ea Martinus J. G. Veltman (1931-). Chaith sé an chéad leath dá shaolré san Ollainn, an dara leath sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic le Gerardus 't Hooft i 1999 as a chuid taighde, go luath ina shaolré, ar shoiléiriú an struchtúir chandamaigh sna himoibrithe leictrealaga san núicléas. D'fhoilsigh sé Facts and Mysteries in Elementary Particle Physics (Fíorais is Rúndiamhra i bhFisic na mBuncháithníní, 2003).