Martin O'Neill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Martin O'Neill
O'Neill, Martin.jpg
Eolas pearsanta
Dáta breithe 1 Márta, 1952
Áit breithe Cill Ria, Co. Dhoire
Club reatha
Club Aston Villa F.C.
Suíomh Traenálaí
Foirne mar imreoir
1971
1971–1981
1981
1981–1982
1982–1983
1983–1985
1971–1984
Distillery F.C.
Nottingham Forest
Norwich City
Manchester City F.C.
Norwich City
Notts County
Tuaisceart Éireann
Foirne mar thraenálaí
1987–1989
1989–1990
1990–1995
1995
1995–2000
2000–2005
2006–2010
2013-
Grantham Town
Shepshed Charterhouse
Wycombe Wanderers
Norwich City
Leicester City
Celtic F.C.
Aston Villa
Poblacht na hÉireann

Is traenálaí sacair Éireannach Tuaisceartach é Martin Hugh Michael O'Neill, OBE (rugadh 1 Márta, 1952). Rugadh i gCill Ria é, gar do Chúil Raithin i gContae Dhoire. D'imir sé peil Ghaelach ina óige, ag baint Corn McRory i 1970 le St. Malachy's College, Béal Feirste, sular athraigh sé go sacar. D'imir sé le Distillery F.C. agus é ina mhac léinn, ag staidéar dlí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Níor chríochnaigh sé an chéim agus síníodh é mar pheileadóir gairmiúil i 1971. D'imir sé do Nottingham Forest faoi bhainis Brian Clough. Bhí sé ina chaptaen d'fhoireann náisiúnta Thuaisceart Éireann a d'imir i gCorn Domhanda na Spáinne i 1982, nuair a bhuaigh siad i gcoinne na Spáinne i Valencia. D'imir sé freisin ar son Norwich City agus Manchester City sular éirigh sé as.

Thosaigh sé mar thraenálaí le Wycombe Wanderers roimh sheal beag a chaitheamh le Norwich City. Thosaigh sé mar thraenálaí do Leicester City i rith an tséasúir 1995-96, áit a raibh sé an-rathúil. Thóg sé an post mar thraenálaí ag Ceiltigh Ghlaschú i 2000 agus bhuaigh siad 3 chorn ina chéad bhliain. Bhí air éirí as an phost ag deireadh an tséasúir i 2005, tar éis 7 gcorn a ghnothú le Celtic.

D'fhág sé Ceiltigh Ghlaschú mar diagnóisíodh go raibh ailse limfeach ar a bhean. Tháinig sí chuici féin agus fuair sé post mar bhainisteoir le Aston Villa F.C. nuair a d'fhág David O'Leary an club.