Mario José Molina

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i gCathair Mheicsiceo is ea Mario José Molina (1943-). Lena chomhghleacaí Frank Sherwood Rowland ó Ollscoil California i 1974, chruthaigh sé go n-imoibreodh solas ultraivialait san atmaisféar le clórafluaracharbóin chun adaimh clóirín a tháirgeadh, agus go n-oibreodh siad seo leis na hocsaídí nítrigine mar chatalaigh chun an ciseal ózóin a mhilleadh. Roinn siad Duais Nobel sa cheimic i 1995 le Paul Crutzen as seo.