Marie Charlotte Carmichael Stopes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tacadóir luath leis an rialú beireatais, pailae-onteolaí is sufraigéid a rugadh i nDún Éideann ab ea Marie Charlotte Carmichael Stopes (1880-1958). Bhí sí scanraithe le cé chomh neamhullmhaithe a bhí mná is fir óga ag tosú ar a mbeatha phósta dóibh, agus scríobh leabhair ar an ábhar seo. Spreag leabhar amháin léi, Married Love (Grá an Phósta, 1918) an-chonspóid. Bhunaigh sí an chéad chlinic rialú beireatais, i Londain i 1921.