Marguerite Yourcenar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marguerite Yourcenar
Dáta breithe 8 Meitheamh, 1903
  an Bhruiséil, An Bheilg
Dáta báis 17 Nollaig, 1987
  Northeast Harbor, Maine, SAM
Gairm Úrscéalaí, gearrscéalaí, staraí teaghlaigh
Seánra Ficsean stairiúil, léirmheastóireacht

Scríbhneoir Francach (8 Meitheamh, 190317 Nollaig, 1987) a bhí i Marguerite Yourcenar. I mBruiséil na Beilge a rugadh í, i dteaghlach d'fhuil uasal agus de fhréamhacha i bhFlondras na Fraince. Ba i dtuaisceart na Fraince a d'fhás sí aníos. Bhi saoránacht na Stát Aontaithe aici agus fuair sí bás sa tír úd, i stát Maine. Úrscéalta stairiúla agus tríológ inar phléigh sí stair a muintire ba mhó a thuill clú di, ach scríobh sí filíocht, aistí léirmheastóireachta agus ábhar eile freisin.

A Saol[athraigh | edit source]

Leac uaighe Marguerite Yourcenar ar Oileán Mount Desert, Maine

A hÓige[athraigh | edit source]

Saolaíodh Marguerite Cleenewerck de Crayencour i dteach in Ascaill Louise sa Bhruiséil. Michel Cleenewerck de Crayencour ainm a hathar agus Fernande de Cartier de Marchienne ainm a máthar. Francach eisean; Beilgeach ise. Tógadh i dteach mháthair a athar í i Mont Noir in iarthuaisceart na Fraince. Cailleadh Fernande 10 lá i ndiaidh bhreith Marguerite. Fear mór taistil a bhí i Michel agus dúil sa litríocht aige freisin. Faoina anáil, thosaigh sí ag léamh na litríochta go hóg, ag foghlaim na Laidine agus an Bhéarla faoina raibh sí 11 mbliana d'aois agus ag foghlaim na Sean-Ghréigise ag 12 bhliain. Le linn na bliana a chaith siad ar deoraíocht i Sasana ag tús an Chéad Chogadh Domhanda a thosaigh sí ar an Laidin agus ar an Bhéarla.[1] Thug Michel ag taisteal leis í ar laetha saoire go dtí Midi na Fraince, an Eilvéis agus an Iodáil, mar ar thug sí cuairt ar fhothraigh villa an impire Haidrian.

An scríbhneoir óg san Eoraip[athraigh | edit source]

Foilsíodh an chéad dán léi sa bhliain 1921, Le Jardin des chimères ("Gairdín na gciméaraí"). Rinne sí é a fhoilsiú faoin ainm "Yourcenar", anagram beagnach foirfe de "Crayencour". Sa bhliain 1929, foilsíodh Alexis, ou le Traité du vain combat ("Alexis, nó Conradh na streachailte in aisce") an chéad úrscéal léi. Ceoltóir ón Ostair le linn an Chéad Chogadh Domhanda é an príomhcharachtar. I bhfoirm litreach, cuireann sé a homaighnéasachas in iúil dá bhean chéile, gur streachailt in aisce é troid ina choinne agus go mbeidh sé á fágáil.

Fuair Michel de Crayencour bás sa bhliain 1929 freisin, cé go raibh sé d’am aige an chéad úrscéal óna iníon a léamh. Bhí saol bóithéimeach ag Marguerite sna blianta a lean a bháis agus í ag caitheamh seal i bPáras, i Lausanne, san Aithin, ar na hoileáin Ghréagacha, in Iostanbúl agus sa Bhruiséil. Thaitin na mná léi; thit sí i ngrá le fear homaighnéasach, André Fraigneau, scríbhneoir agus eagarthóir ag Grasset, comhlacht foilsitheoireachta Francach. D’fhoilsigh sí Nouvelles orientales (“Gearrscéalta oirthearacha”), leabhar scéalta a raibh macalla óna cuid taistil san Oirthear ann, Feux (“Tinte”), téacsanna bunaithe i bpáirt ar an miotaseolaíocht agus ar an reiligiún agus inar phléigh sí éadóchas agus fulaingt an ghrá, agus ansin sa bhliain 1939 Le Coup de grâce (“Buille an ghrásta”), úrscéal gearr faoi thriúr leannán le linn tréimhse cogaíochta idir an Rúis agus an Pholainn. D’aistrigh sí The Waves le Virginia Woolf go Fraincis le linn tréimhse 10 mí sa bhliain 1937.

Na blianta i Meiriceá[athraigh | edit source]

Faoin bhliain 1939 bhí an Eoraip ina cíor thuathail nach mór agus an cogadh ag druidim i leith. Ní raibh mórán airgid ag Yourcenar san am ach an oiread. Tharla Yourcenar a bheith mór le haistritheoir Meiriceánach darbh ainm Grace Frick ón bhliain 1937 anuas. Thug Frick cuireadh di dul go Meiriceá i 1937, rud a rinne sí.[2] Nuair a bhris cogadh amach sa bhliain 1939, thug Yourcenar a haghaidh ar Mheiriceá arís. D’fhan an bheirt le chéile go dtí bás Frick sa bhliain 1979. Mhúin Yourcenar litríocht na Fraince agus stair na healaíne i ag dhá choláiste i gConnecticut agus Fraincis agus Iodáilis ag Coláiste Sarah Lawrence i mBronxville, Nua-Eabhrac taobh ó thaobh ón gcathair, go dtí an bhliain 1953. Ní raibh sé mar nós aici Béarla a labhairt sna ranganna (ná ach an corrfhocal de taobh amuigh díobh), ach is amhlaidh go raibh an oiread sin measa ar Yourcenar cheana gur glacadh leis sin.[3]

Tháinig an bheirt acu ar Oileán Mount Desert ar chósta Maine sa bhliain 1942. Sa bhliain 1950 cheannaigh siad teach ansin ar ar bhaist siad “Petite Plaisance”. Gí gur chaith Yourcenar a lán ama ag taisteal, ba ar an oileán a bhí cónaí ar an bheirt acu an chuid eile dá saol. Fuair Yourcenar saoránacht Mheiriceánach sa bhliain 1947, ag tapú na deise sin lena hainm a athrú go Yourcenar go hoifigiúil den chéad uair.[4] D'fhan Yourcenar ar an oileán i ndiaidh bhás a comrádaí agus ina dhiaidh sin go dti a bás féin.

Sa bhliain 1951, d’fhoilsigh sí sa Fhrainc an t-úrscéal Mémoires d’Hadrien, a raibh sí ag obair air le deich mbliana anuas. Fuair an leabhar seo fáilte mhór láithreach bonn ó léitheoirí agus ó léirmheastóirí. Is é atá sa leabhar ná saol agus bás an impire Rómhánaigh Haidrian, duine de rialóirí an Domhain Ársa, a scríobhann litir fhada chuig Marcus Aurelius, fealsamh a raibh baint ag Haidrian leis. Sa litir déanann sé machnamh ar a shaol, idir maith agus olc, ar ghrá agus ar a fhealsúnacht féin. Léigh—nó d’athléigh, go minic—Yourcenar litríocht na tréimse Rómhánaigh úd i Laidin mar ullmhúchán don leabhar. Tá Mémoires d’Hadrien ar liosta na gcéad saothar is tábhachtaí sa stair arna eagrú ag Cub Leabhar na hIoruaidhe,[5] agus d’éirigh sé ina slat tomhais lena mheastar ficsean faoin saol ársa.

Sa bhliain 1974, thosaigh foilsiú tríolóige léi ar a dtugtar Le labyrinthe du monde. Cé go dtugtar “cuimhní cinn” orthu go minic, séard atá iontu ná stair a sinsir siar go haimsir na gCeilteach agus na Romhánach i bhFlóndras: cuir síos leathan ar shaol na haimsire úd i dtosach an scéil, ansin ábhar bunaithe ar insint béil a muintire agus ar cháipéisí a bhaineas leo, agus ag an deireadh, a cuimhní féin. I ndiaidh fhoilsiú an chéad imleabhair (1974), Souvenirs pieux, tháinig an dara ceann, Archives du nord, amach sa bhliain 1979 agus ansin, sa bhliain 1985, foilsíodh Quoi? L’éternité. Eagla roimh bheathaisnéisithe agus a scríobhfaidís faoina muintir agus fúithi féin cuid den rud a spreag í chun scríobh na tríolóige. Chuir sí cosc léite 50 bliain ar chuid mhaith den iliomad cáipéisí a thug sí don Ollscoil Harvard.[6]

Toghadh Yourcenar mar bhall den Académie française sa bhliain 1980; ise an chéad bhean a bhain an onóir sin amach. Ag deireadh na bliana a bhfuair Frick bás (1979), tháinig Jerry Wilson go Petite Plaisance mar bhall d'fhoireann teilifíse. Meiriceánach óg aerach ó dheisceart na Stát Aontaithe a bhí ann agus Fraincis phaiteanta aige. Chuaigh sé a chónaí sa teach go luath sa bhliain 1980. Bhí dlúchairdeas idir eisean agus Yourcenar go dtí bás Wilson leis an SEIF i bPáras ar 8 Feabhra 1986.[7] Fuair Yourcenar bás ar Oileán Mount Desert sa bhliain 1987.

Príomhshaothair[athraigh | edit source]

I bhFraincis. Níor aistríodh scríbhinn ar bith de chuid Yourcenar go Gaeilge go fóill.

  • Alexis ou le Traité du vain combat (1929)
  • Nouvelles orientales (1939)
  • Mémoires d'Hadrien (1951)
  • L'Œuvre au noir (1968)
  • Le labyrithe du monde, II: souvenirs pieux (1974)
  • Le labyrithe du monde, II: archives du nord (1977)
  • Mishima ou la Vision du vide (1980)
  • Le labyrithe du monde, III: quoi? l'éternité (198)

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Marguerite Yourcenar, Savigneau, lgh. 56–58 (Fraincis)
  2. Savigneau, lch. 129
  3. Savigneau: coláistí i gConnecticut, lch. 157; ag Sarah Lawrence, lch. 159ff; gan Bhéarla sna ranganna, lch. 176–77
  4. Savigneau, lch. 183
  5. http://www.evene.fr/livres/selection/les-100-meilleurs-livres-de-tous-les-temps.php? (Fraincis)
  6. Savigneau, lgh. 15–17
  7. Casadh Jerry Wilson uirthi, Savigneau, lch. 399; a chónaí ann, lch. 410; a bhás, lch. 445

Léitheoireacht[athraigh | edit source]

Marguerite Yourcenar: l'invention d'une vie. Josyane Savigneau. Gallimard, 1990 (i bhFraincis; aistrithe go Béarla mar Marguerite Yourcenar: Inventing a Life, 1994)

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]