Margairín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaMargairín
Bunús
Tír dhúchaisan Fhrainc
AireagóirHippolyte Mège-Mouriès
Sonraí
Cineálmargarine and similar edible fats (en) Aistrigh, Margarines, spreads, mayonnaise and other fatty emulsion products (en) Aistrigh, fat spread (en) Aistrigh agus vegetable fat (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairola glasraí
Leastar Margairín

Ionadach ime, nach bhfuil aon saill déiríochta ann, a dhéantar de ghnáth as olaí glasraí is bainne bearrtha, agus vitimíní A is D curtha leis. Sna 1860idí d'eiseatocsainigh an ceimicí Francach Hippolyte Mège-Mouriès (1817-1880) codán as saill mairteola ag 30-40 °C ar thug sé oléo-margarine air. Baineadh feidhm as seo in ionad ime go dtí 1903, ach ansin tosaíodh ar phróiseas cruachana olaí glasraí trí hidriginiúchán. Ó shin tá an-chuid forbairtí déanta ar ionadaigh ime, ach fós is ar olaí glasraí nó olaí muirí hidriginithe is mó a bhíonn siad bunaithe. Cinneann céim hidriginithe na bunola cé mhéid de na bunpholaineamhsháitheáin a fhágtar sa mhargairín.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Margairín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 438.