Maredudd ap Bleddyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maredudd ap Bleddyn, Prionsa Powys
Prionsa Powys
Réimeas 1116-1132
Dáta breithe 1047
Dáta báis 9 Feabhra 1132
Comharba Madog ap Maredudd
Rítheaghlach Mathrafal
Céile Hunedd ferch Einudd

Prionsa Powys a bhí in Maredudd ap Bleddyn (10479 Feabhra 1132).

Sinsir agus Oidhreacht[athraigh | edit source]

Mac le Bleddyn ap Cynfyn ab ea é, a bhí ina rí i bPowys agus Gwynedd chomh maith. Roinneadh Powys tar éis bháis Bleddyn sa bhliain 1075, idir a thriúr mac, Iorwerth, Cadwgan agus Maredudd.

Pósadh agus Páistí[athraigh | edit source]

Ar dtús, phós Maredudd Hunedd ferch Einudd, agus rugadh beirt mhac di, Madog ap Maredudd agus Gruffydd ap Maredudd. Bhí caidreamh aige le Cristin ferch Bledrus níos déanaí, agus mar thoradh air, saolaíodh iad Hywel ap Maredudd agus Iowerth Goch ap Maredudd.

Cogadh in aghaidh Anraí Shasana[athraigh | edit source]

Ar dtús báire, dealraíonn go raibh Maredudd ina rialtóir is laige i measc na dtriúr, agus ní raibh ach seilbh acu mar tionóntaí de chuid Robert Bellême, an 3ú Iarla Shrewsbury. Seoladh an Iarla sa bhliain 1102 chuig chúirt an rí Anraí Shasana, mar gheall ar chúisimh a bhain le tréas. ach d’fhreagair sé trí éirí amach in aghaidh an rí. Thug na triúr dheartháireacha tacaíocht do Robert ar dtús, agus rinne siad ruathair ar Staffordshire. Sheol an rí William Pantulf chuig Iorwerth (an deartháir is cumhachtaí) chun iad a mhealladh le bronnadh tailte. D’éirigh leis, agus bhuaigh Iorwerth ar an Iarla Robert le fórsá mór Breatnach, agus díbríodh é. Ina dhiaidh sin, ghabh Iorwerth Maredudd agus tugadh é don rí.

Penteulu agus Prionsa[athraigh | edit source]

D’éalaigh Maredudd as phriosún sa bhliain 1107, ach ní bhfuair sé cumhacht ar bith ag an dtaca seo. De réir dealraimh, bhí se ina phenteulu (‘captaen na ngardaí’) sa bhliain 1113 dá nia, Owain ap Cadwgan, comharba mar prionsa Powys. Sa phost seo, d’éirigh leis Madog ap Rhiryd a ghabháil sa bhliain 1113, an té a mharaigh beirt dá dheartháireacha, Iorwerth agus Cadwgan sa bhliain 1111. Sheol Maredudd é chuig Owain, a rinne díoltas air trí é a dhalladh.

Nuair a rinne Anraí Shasana ionradh ar an mBreatain Bheag sa bhliain 1114, rinne Maredudd síocháin leis go tapaidh, ach chuaigh Owain i gcomhghuallaíocht le Gruffydd ap Cynan as Gwynedd chun a gcuid tailte a chosaint. Níor mhéadaigh cumhacht Maredudd gur d’éag Owain sa bhliain 1116, agus tháinig Maredudd i gcomharbacht air mar rialtóir Powys. Sheol sé 400 gaiscigh chuig Hywel ab Ithel, tiarna Rhos agus Rhufoniog faoi choimirce Powys, le cabhair a thabhairt in aghaidh chomharsaí Hywel, mic Owain ab Edwin as Dyffryn Clwyd. Bhuaigh Hywel orthu ag Cath Maes Maen Cymro sa bhliain 1118, gar do Ruthin, ach gortaíodh é, agus cailleadh é sé seachtain ina dhiaidh sin. Dá bharr sin, ghlac mic Gruffydd ap Cynan seilbh ar na dtailte seo ar son Gwynedd, agus Maredudd gan chumhacht chun iad a shéanadh.

Rinne Maredudd ruathair ar Cheshire sa bhliain 1121, agus rinne Anraí ionradh ar Phowys de dheasca sin. Theith Maredudd go dtí Eryri agus d’iarr sé ar Ghruffydd ap Cynan cabhair a thabhairt dó. Áfach, ní raibh Gruffydd sásta a chuir i gcoinne an rí ar son Maredudd, agus faoi dheireadh ní raibh rogha ag Maredudd ach síocháin a cheannach le 10,000 bhó. Lean Gwynedd ar aghaidh bhrú a chur ar Phowys, agus ghlac mic Gruffydd ap Cynan (Cadwallon agus Owain Gwynedd) seilbh ar mhórán chríocha sa bhliain 1124. Maraíodh Cadwallon ag troid in aghaidh arm Phowys gar do Llangollen sa bhliain 1132, a chuir stad leis na hionsaí ar feadh tamaill. Ní raibh Maredudd páirteach sa chath, agus fuair sé bás sa bhliain céanna. Tháinig a mhac, Madog ap Maredudd i gcomharbacht air.