Marcel Lajos Breuer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire is dearthóir a rugadh i bPécs na hUngáire ab ea Marcel Lajos Breuer (1902-1981). I gceannas ar an gceardlann troscáin sa Bauhaus sa Ghearmáin ó 1924 ar aghaidh. Dhear sé an chéad chathaoir nua-aoiseach cruach feadánaí. Chomhoibrigh sé le Walter Gropius sna Stáit Aontaithe ó 1937. Dhear sé foirgneamh UNESCO i bPáras. Rinne sé éacht oibre i ndearadh troscáin leis an iliomad ábhar is teicníochtaí nua.