Marós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom dlúth cumhra síorghlas a fhásann suas le 2 m ar airde. Dúchasach don Mheánmhuir, ar scrobarnach. Na duilleoga caol, dúghlas in uachtar is bán faoina mbun, na himill casta isteach. Na bláthanna éadrom gorm déliopach, na cinn in uachtar faoi chochall rud beag, na cinn in íochtar tríliopach spréite. Saothraítear go forleathan é mar mhaisiúchán agus luibh leighis.