Maorais
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Maorais (Te Reo Māori) | |
|---|---|
| Á labhairt: | An Nua-Shéalainn |
| Réigiún: | An Pholainéis |
| Cainteoirí san Iomlán: | 165,000 |
| Rang: | Ní sa chéad 100 |
| Líne ghinealaigh: | Ostrainéisis Malaea-Polainéisis (MP) (MP) Núicléach (MP) an Lároirthir (MP) an Oirthir Aigéinis Aigéinis an Lároirthir Aigéinis Cianda Teangacha Láir an Aigéin Chiúin Fídsís an Oirthir-Polainéisis Polainéisis Polainéisis Núicléich Polainéisis an Oirthir Polainéisis an Lároirthir Taihítís Maorais |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | An Nua-Shéalainn |
| Foras Pleanála Teanga: | Coimisiúin an Teanga Maorais |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | mi |
| ISO 639-2 | mao (B) mri (T) |
| ISO 639-3 | mri |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Is teanga í an Mhaorais (Māori nó Te Reo Māori), nó Te Reo de ghnáth a labhraítear sa Nua-Shéalainn. Ceann de na theangacha oifigiúla sa tír sin is ea í, agus is é an Béarla an ceann eile. Teanga Pholainéiseach í an Mhaorais, agus is í teanga Oileáin Cook an ceann is gaolmhaire léi. Le fírinne, "Maorais" a thugann muintir Oileáin Cook ar a dteanga freisin. "Dúchasach" nó "bundúchasach" is brí leis an bhfocal sin "māori" sa teanga féin.
Tá a lán canúintí ann, ach is í an chanúint is difriúla leis an gcuid eile ná canúint an Deiscirt. Is í an difríocht is mó ná go gcuirtear k in áit an ng sa Deisceart. Tá caighdeán na Maoraise bunaithe ar chanúint Lár Oileán an Tuaiscirt, agus sna laethanta a bhí, rinne rialtas na Nua-Shéalainne iarrachtaí leis an Maorais chaighdeánaithe a chur i mbéal mhuintir an Deiscirt freisin. Inniu, áfach, baintear úsáid oifigiúil as an gcanúint Dheisceartach sna háiteanna ina labhraítear de ghnáth í. Mar shampla, is é an t-ainm oifigiúil Maoraise atá ar an sliabh is airde sa Nua-Shéalainn inniu ná Aoraki (Mount Cook an t-ainm Béarla), de réir chanúint an Deiscirt, ós in Oileán an Deiscirt atá sé suite. Aorangi an t-ainm a úsáideann muintir an Tuaiscirt.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

