Maoracht éisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uisceadán

Is caitheamh aimsire coitianta é maoracht éisc a bhaineann le héisc a choinneáil in uisceadán baile nó linn gharraí. Bíonn an mhaoracht éisc freisin ina tionscal, mar bhrainse na talmhaíochta.

Córais maorachta éisc[athraigh | edit source]

Tugtar go minic mar "uisceadoir", ós rud é nach mbíonn achan duine acu ag plé le héisc amháin. Is féidir leis an chaitheamh aimsire a bheith roinnte i dtrí ndisciplíní sonracha de réir an cineál uisce a nglacann na héisc leis: maoracht fhionnuisce, mhearsháile, agus mhuirí (ar a dtugtar freisin sáile).

Fionnuisce[athraigh | edit source]

Is í an mhaoracht fhionnuisce an brainse is mó a bhfuil gean air sa chaitheamh aimsire seo, agus is minic na siopaí peataí is lú ag díol réimse na n-iasc fionnuisce, mar na héisc órga, gupaithe, agus bráthair (Pterophyllum). Cé gur uisceadáin phobail iad formhór na n-uisceadán fionnuisce a choimeádann speicis éagsúla comhoiriúnacha, bíonn tóir freisin ar uisceadáin i gcomhair speicis amháin. Bíonn éisc beobhreitheach mar na Poeciliidae agus na gupaithe i measc na niasc is éasca a thógail faoi mbraighdeanas, ach póraíonn uisceadoirí, go rialta, cuid mhaith cineálacha de na Cichlidaede, cait mhara, Characidae agus Cyprinodontiformes. uiscedhreach Cruthaíonn go leor maorachtaí éisc uiscedhreacha fionnuisce ina mbíonn an bhéim ar na bplandaí uisceacha mar aon le na hiasc, mar shampla, "Uisceadáin Dúitseacha". Le blianta beaga anuas, is é an Seapánach 'Takashi Amano' ceann de na tacadóirí is gníomhaí a bhíonn ag pléadáil ar son na n-uisceadán lánphlandáilte.

Bíonn linnte garraithe, ar bhealaí, cosúil le huisceadáin fhionnuisce, ach de ghnáth, i bhfad níos neamhchosanta ón aimsir chomhthimpeallach. Sna Trópaicí, is féidir éisc trópaiceacha a choinneáil i linnte garraithe, ach sa gcrios measartha is fearr a neiríonn le speicis mar Carassius auratus auratus (iasc órga) , nishikigoi (Béarla: Koi), agus Leuciscus idus (Béarla: ide nó orfe).

Sáile[athraigh | edit source]

Go ginearálta, bíonn uisceadáin mhuirí níos deacra a choimeád ar siúl agus bíonn an beostoc i bhfad níos costasaí. Mar thoradh air sin, meallann an brainse seo maorachtaí a bhfuil níos mó taithí acu. Is féidir leis na huisceadáin seo a bheith go hálainn ar fad, mar gheall ar dhathanna agus ar chruthanna tarraingteach na gcoiréal agus na héisc coiréalacha sceireacha a bhíonn óstáilte ann.

Ní go coitianta, a choimeádtar éisc ón gcrios measartha san uisceadán baile, go príomha toisc nach mbíonn siad in ann rathú ag teocht an tseomra. Ní mór uisceadán fuaruisce teocht níos a chur ar fáil trí sheomra fionnuar (mar shampla íoslach neamhthéite) nó gléas cuisnithe ar a dtugtar 'fuaraitheoir'.


Is minic a bhíonn fonn ar mhaorachtaí éisc mara sceireacha coiréil a athchruthú le húsáid a bhaint as chainníochtaí móra de charraigeacha beo, carraigeacha cailcreach póiriúla clúdaithe le halgaí coralline, spúinsí, péisteanna, agus orgánaigh beaga muirí eile. Níos déanaí, cuirtear coiréil móra chomh maith le ribí róibéis, portáin, eicínideirmigh, agus moilisc, nuair a bhíonn an tuisceadán aibí, chomh maith le réimse na n-iasc beag. Uaireanta, tugtar uisceadáin sceire ar an an saghas seo uisceadáin.

Mearsháile nó uisce goirt[athraigh | edit source]

Comhcheanglaíonn uisceadáin mhéarsáile le chéile gnéithe de na huisceadáin thuas luaite eile, le salandacht nach mór fanacht idir an méid a bhíonn san bhfionnuisce agus uisce na farraige. Tagann éisc uisce goirt ó gnáthóga le salandacht éagsúla, mar shampla mangróibh agus inbhir, agus ní thagann rathú orthu má choimeádtar go buan i bhfíoruisce iad. Cé nach bhfuil uisceadáin le huisce goirt de gnáth ar eolas an t-uisceadora neamhchleachtaigh, is fearr le go leor speiceas uisce goirt, lena n-áirítear roinnt Poeciliidae (Béarla; mollies), Gobiidae go leor, roinnt Tetraodontidae, Monodactylidae, Scatophagidae, agus beagnach gach Soleidae nó sól fionnuisce.

Bunús na maorachta éisc[athraigh | edit source]

Ar feadh na mílte blian, tógadh éisc i gcomhair bia i linnte agus locháin. Ar uairibh, bheadh éisc le dathanna geala nó ceansa a luacháil mar pheataí seachas mar bhia. Choimeád a lán cultúir eile éisc ní amhain chun críocha feidhmiúla ach freisin mar ornáidí. Choinneáil na Sean-Suiméaraigh éisc fiáine, a gabhadh san fhiántas, i locháin, roimh iad a ullmhú le haghaidh béilí. Tá cur síos ar an iasc naofa Oxyrhynchus i mbraighdeanas i linnte dronuilleogacha teampall, ar fáil san ealaín ársa Éigipteach .

Mar an gcéanna, leis na ciantaibh, bhí sé de nós san Áis goirt ríses a stocáil le héisc inite fhionnuisce, lena n-áirítear cineálacha éagsúla cat mara agus ciprinid. Cuireadh tús le pórú roghnach na gcarbán breis is 2000 bliain ó shin sa tSeapáin agus an tSínisteach agus sa lá ata inniu ann tá Koi agus an t-iasc órga mar thoradh air. Thóg na Sínigh éisc órga istigh i rith na ríshliocht Song chun taitneamh a bhaint astu, i soithí ceirmeacha móra.

San Eoraip, le linn na Meánaoise, bhí linnte Carbán mar ghné chaighdeánach sna heastáit agus mainistreacha, ag soláthar rogha eile bia ar laethanta féile nuair nach bhféadfaí feoil a ithe ar chúiseanna creidimh.

Bhí an meas céanna roimh éisc mara ar feadh na gcéadta bliain. Choinneáil Rómhánaigh saibhre loimprí agus éisc eile i linnte uisce salann. Thug Tertullian le fios gur íoc Asinius Celer 8000 sesterce le haghaidh milléid den chéad scoth. Thuairisc Cicero gur shil an t-abhcóide Quintus Hortensius nuair a fuair amach go bhfuair a iasc ba mhó fabhar bás. Thagair sé, go searbhasach, do na maorachtí éisc mar an Piscinarii, an "úinéirí lochán éisc " nó "póraitheoirí éisc", mar shampla nuair a dúirt sé "... níor cheil na saibhir (sé sin do chairde 'na piscinarii') a n-éad romham".

Cothabháil uisceadán[athraigh | edit source]

Atáirgeann éiceolaíocht an t-uisceadáin idéalach an chothromaíocht a fhiaghtear sa dúlra i gcóras dúnta an uisceadáin. De gnáth, áfach, bíonn sé beagnach dodhéanta an chothromaíocht a choimeád ar bhun fhoirfe. Mar shampla, tá sé beagnach dodhéanta an ghaolmhaireacht chothromaithe idir creachadóirí agus a gcreach a choimeád ar siúl san uisceadán, fiú san uisceadán is mó. De ghnáth, ní mór don mhaor éisc an chothromaíocht a choimeád ar bun go gníomhach san éiceachóras beag a bhíonn ar fáil san uisceadán. Bíonn sé níos éasca cothromaíocht a bhaint amach, le líon níos mó uisce san uisceadán, mar go gcaolaíonn sé éifeachtaí na turrainge sistéamaí, Mar shampla, má fhaigheann iasc amháin bás in uisceadán 10 litre, is féidir go mbeadh athruithe suntasacha sa chóras dá bharr, ach ní chruthódh bás an éisc chéanna in uisceadán 400 lítear, ach mion-éagothroime. Ar an gcúis sin, bíonn amaitéaraigh i bhfabhar na huisceadáin is mó, nuair is féidir, mar nach n-éilíonn siad dian-aird. Tá éagsúlacht de thimthriallta cothaitheacha tábhachtach san uisceadán. Tagann ocsaigin thuaslagtha isteach ag an gcomhéadan idir an dromchla uisce-aer nó trí ghníomhartha aerchaidéil. Éalaíonn dé-ocsaíd charbóin isteach san aer. Bíonn tábhacht leis an timthriall fosfáit, cé go ndéantar dearmad air go minic, mar timthriall cothaitheach. Tagann Sulfar, iarann, agus micreachothaithigh isteach sa chóras mar bhia agus scoirtear iad mar dhramhaíl. De gnáth, má láimhseáltar an timthriall nítrigine go cuí, má sholáthraítear bia cothrom do na héisc, agus má choimeádtar súil amach ar an luchtú bitheolaíoch, bíonn sé indéanta na sraitheanna cothaitheach seo a choimeád i gcothromaíocht leordhóthanach.