Maoile andraigineach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuirtear síos uirthi de ghnáth mar chailliúint bhuan gruaige ó thosach is barr an chinn i bhfir, de bharr meathlú is laghdú na bhfalacailí gruaige. Is féidir go mbíonn fachtóirí géiniteacha, aois is andraiginí mar bhun léi. Níl aon leigheas rathúil uirthi. Is féidir go ndéanann cothú mícheart, mí-oird eincríneacha nó craicinn ar leith, nó oibreáin cheimiceacha nó fhisiceacha damáiste do na falacailí gruaige, agus go dtarlóidh maoile neamhbhuan nó bhuan mar gheall air sin, i bhfir nó mná ag aon aois. Tarlaíonn maoile i roinnt príomhach eile, an moncaí oukari ó Mheiriceá Theas, mar shampla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maoile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 437.