Manuel Murillo Toro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Manuel Murillo Toro
Manuel Murillo Toro.jpg

9ú Uachtarán Stáit Aontaithe na Colóime
In oifig
1 Aibreán 1872 - 1 Aibreán 1874
Réamhtheachtaí: Eustorgio Salgar
Comharba: Santiago Pérez

2ú Uachtarán Stáit Aontaithe na Colóime
In oifig
8 Aibreán 1864 - 1 Aibreán 1866
Réamhtheachtaí: Tomás Cipriano de Mosquera
Comharba: José María Rojas Garrido

2ú Uachtarán Stát Ceannasach Santander
In oifig
23 Deireadh Fómhair 1857 - 10 Eanáir 1859
Réamhtheachtaí: Estanislao Silva Calderón
Comharba: Ulpiano Valenzuela

Rúnaí Airgeadais
In oifig
1847 - 1853

Dáta breithe 1 Eanáir 1816
  Cathair Nua-Eabhrac, SAM
Dáta báis 29 Lúnasa 1975
  Chaparral, Tolima
Páirtí Partido Liberal Colombiano
Gairm Polaiteoir, státaire, scríbhneoir
Céile Ana Roma y Cabarcas

Polaiteoir,státaire agus scríbhneoir Colómach ab ea é Manuel Murillo Toro (1816 - 1880), a bhí ina Uachtarán faoi dhó ar Stáit Aontaithe na Colóime (An Cholóim sa lá atá inniu ann), an chéad uair idir 1864-1866, agus arís idir 1872 agus 1874. Sheirbheáil Manuel Murillo Toro chomh maith mar Rúnaí Airgeadais i rith riaracháin an Uachtaráin José Hilario López, agus mar ambasadóir chun Veiniséala agus na Stáit Aontaithe.

Beatha[athraigh | edit source]

Rugadh Manuel Murillo Toro i mbaile Chaparral ar 1 Eanáir, 1816. Seoladh chun Bogotá é chun staidéar a dhéanamh ar an leigheas, d'fhág sé an mhíochaine áfach agus roghnaigh sé an dlí, agus le linn a chuid staidéar d'oibrigh sé do Vicente Azuero agus Lino de Pombo. Bhain sé céime amach sa bhliain 1836. Ó 1837 d'oibrigh sé mar fhostaí de chuid na Comhdhála,(Congreso de la República de Colombia), agus le linn Chogadh na nArdtaoiseach (Guerra de los Supremos),(1840-1843) sheirbheáil se mar chúntóir chun na gceannairí míleata éagsúla den Pháirtí Liobrálach (Spáinnis:El Partido Liberal). Sa bhliain 1846 bhain sé suíochán i dTeach na nIonadaithe (Cámara de Representantes de Colombia). Bhí sé ina Rúnaí Airgeadais (1849-1853) i rialtas José Hilario López, agus spreag sé saoirse tionsclaíochta agus athchóiriú an dlí arúlachta sa bhliain 1850. Faoin dlí nua leagadh síos go mbeadh úinéireacht na talún ar bhonn saothrú na talún, agus gur chóir go mbeadh carnadh na talún teoranta ó thaobh dlí. Cuireadh a mholtaí san áireamh i bhforáil bhunreachtúil sa bhliain 1936