Manuel Antonio Sacramento
| Manuel Antonio Sanclemente | |
|
7ú Uachtarán Phoblacht na Colóime
|
|
| In oifig 7 Lúnasa 1898 - 31 Iúil 1900 |
|
| Réamhtheachtaí: | Miguel Antonio Caro |
| Comharba: | José Manuel Marroquín |
|
|
|
| Dáta breithe | 18 Feabhra, 1798 |
| Buga, Proibhinsí Aontaithe na Granada Nua | |
| Bogotá, Cundinamarca, An Cholóim | |
| Páirtí | Partido Conservador Colombiano,Partido Nacional (Colombia) |
| Gairm | Dlíodóir, Múinteoir, agus Státaire. |
| Céile | Nazaria Domínguez |
Rugadh Antonio Manuel Sanclemente i mBuga, atá anois i Roinn Valle del Cauca, ar an 19 Meán Fómhair sa bhliain 1813 agus fuair sé bás i Villeta, Cundinamarca ar an 19 Márta, 1902. Ba státaire, múinteoir, agus polaiteoir Colómach é, agus bhí sé ina Uachtarán ar an Phoblacht idir 1898 agus 1900. Le linn a riail bhris cogadh amach, sé sin, Cogadh na Míle Lá, (Spáinnis: La Guerra de los Mil Días). Ina theannta sin, tá cuimhne air mar an tUachtarán is aosta a ceapadh i stair na tíre: bhí sé 84 bliain d'aois.
[athraigh] Saol
Críochnaíodh a chuid ardstaidéir in Ollscoil Cauca (Universidad del Cauca) i bPopayan, agus bronnadh Dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (dlíodóir) air sa bhliain 1837. Ansin bhí sé i seilbh oifigí breithiúnacha éagsúla, agus toghadh é chun na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 1854. Mar an gcéanna, d'oibrigh sé sa dlí agus san oideachas, agus ceapadh é ina cheannasaí ar an gColegio de Buga.