Manga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An bealach a scríobhtar manga i gkanji (Shiki no Yukikai).
Sampla de manga, agus mothúcháin

Is é is manga ann ná an focal Seapáinise a chiallaíonn "greannáin" - 漫画; i gkanji; まんが i hiragana; マンガ i katakana. Taobh amuigh den tSeapáin, tugtar manga ar an gcineál coimicí a tharraingítear sa tSeapáin, chomh maith ar choimicí a dhéanann aithris ar stíl shainiúil an mhanga Sheapánaigh. D'fhorbair an manga i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus é ag meascadh stíl na ngreanta adhmaid Seapánacha - an cineál greanadh adhmaid a d'éirigh forleathan ón tseachtú haois déag anuas agus ar a dtugtar ukiyo-e - le tionchar na gcoimicí Meiriceánacha.

Is féidir bunús an mhanga a rianú siar go dtí an ochtú haois déag - b'ansin a tháinig an focal féin in úsáid - ach is iad Rakuten Kitazawa agus Osamu Tezuka a chuir tús leis an manga nua-aoiseach.

Rugadh Kitazawa sa bhliain 1876, agus timpeall ar dheireadh na naoú haoise déag, d'fhoghlaim sé ealaíontóireacht an Iarthair chomh maith le stíleanna traidisiúnta na Seapáine; thairis sin, bhí sé faoi thionchar na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le The Katzenjammer Kids. Tharraingíodh sé cartúin nuachtáin a raibh eilimintí áirithe den mhanga mar a thugtar an coincheap inniu le haithint orthu, go háirithe an scéal, an insint.

B'é Osamu Tezuka (1928-1989) ba mhó a chruthaigh an manga comhaimseartha. Uaidhsean a tháinig cuid mhór de na saintréithe a shamhlaímid inniu leis na coimicí Seapánacha, go háirithe na súile móra.

Le fírinne, fuair sé na súile móra ó na Meiriceánaigh, nó bhí sé ag déanamh aithrise ar chartúin Mheiriceánacha a linne, cosúil le Betty Boop agus Donald Duck.

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]