Managua
| Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil. Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
| Managua Santiago de Managua |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Departamento: | Managua |
| Méara: | Daisy Torres |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 544 km² |
| Daonra: | 1,850,000 |
| Dlús daonra: | 2,537/km² |
| www.managua.gob.ni | |
Is í Managua príomhchathair Nicearagua agus den roinn riaracháin leis an ainm chéanna. Bunaíodh í sa bhliain 1819 mar shráidbhaile beag iascaireachta, ar bhruach theas Loch Managua. Is í an chathair is mó sa tír í. Is cathair thábhachtach í Managua i gcúrsaí trádála, tionscadal, polaitiúla agus cultúrtha. Tá daonra 1,850,000 ag an gcathair agus níl daonra níos airde ag cathair ar bith ach amháin Cathair Ghuatamala i Meiriceá Láir.
Nuair a bunaíodh an baile i dtús báire glaodh: "Leal Villa de Santiago de Managua" air. Tá Managua suite idir an dá chathair tábhactach eile i Nicearagua, León agus Granada, agus dá bharr sin lonnaigh siad an phríomhchathair anseo mar chomhréitiú. Tá cuid mhaith d'eacnamaíocht Managua ag brath ar thrádáil. Tá an chathair mar áit lárnach i dtaoibh caife, cadáis, agus barraí eile. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh tionscadal, ag soláthar beorach, caife, cipíní, teicstílí, agus bróg.
D'fhulaing an chathair dá chrith talún sa 20ú haois agus i ndiaidh an cheann deireanach tá áit cónaithe agus gnó á thógáil lasmuigh den gcathair dá bharr. Glaotar "An Veinéis sa Mheiriceá Láir" de bharr na canáil atá tógtha ann, agus tá a lán turasóirí ag teacht ann dá bharr. Tá lasair síoraí súite sa chathair chomh maith.