Malgam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cóimhiotal mearcair le roinnt miotal eile, ar eolas ó aimsir na sean-Ghréagach clasaiceach. Úsáidtear malgaim copair, since, is stáin mar ábhar íocshláinteach sa bhfiaclóireacht. Baineadh feidhm as malgam óir i dteicníochtaí óraithe le linn na hAthbheochana.