Mais adamhach choibhneasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is mais adamhach choibhneasta ann ná meánmhais ualaithe d’iseatóip de dhúil i gcomparáid le mais iseatóp carbón-12, a bhfuil mais 12 go cruinn aige.

Maiseanna adamh, a chuirtear síos i dtéarmaí aonaid maise adamhaí u. Mar shampla, sainmhínítear mais adamhach carbón-12 mar 12.0000 u, agus is í mais adamhach nítrigine-14 ná 14.0031 u. Úsáidtear Ar mar shiombail di. Thugtaí an meáchan adamhach air. I dtábla peiriadach na ndúl, luaitear mais an mheascán nádúrtha iseatóp den dúil: mar shampla, is é 14.0067 u an luach do nítrigin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mais adamhach choibhneasta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 434.