Mainistir Inis Leamhnachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Inis Leamhnachta
Íomhá
Sonraí
CineálAbtheach
Foirgníocht1147 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1540 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPáirc an Mharla, Éire
Map
 52°21′00″N 7°43′50″W / 52.35°N 7.7306°W / 52.35; -7.7306

Mainistir Chistéirseach cois Siúire ba ea Mainistir Inis Leamhnachta. Tógadh í sa 12ú haois in aice le Cluain Meala i gContae Thiobraid Árann. Tiomnaíodh don Mhaighdean Mhuire í.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Mhainistir idir 1142 agus 1148 ar thailte a bhronn Maológ Ó Faoláin, tiarna na nDéise, agus Domhnall Ó Briain, rí na Mumhan.[1] Bhí sí suite timpeall trí chiliméadar siar ó Chluain Meala ar bhruach thuaidh Abhainn na Siúire. Meastar go raibh sí le fáil beagán siar ó reilig Shéipéal Naomh Pádraig, reilig a rinneadh sa 19ú haois, láimh le sráidbhaile Pháirc an Mharla. Taifeadadh an t-ainm mar "Abby Slunnagh" i léarscáileanna agus nótaí an Down Survey.[2]

In 1240 cuireadh manaigh Shasanacha ann ó Mhainistir Furness in áit an tseanaba, fear a coinnealbhádh in 1234 tar éis achrann dlí le hab Mhainistir Dhún Bróithe. Naoi mbliana ina dhiaidh sin fágadh Mainistir Inis Leamhnachta faoi chúram Furness seachas faoi chúram Mellifont.

Bhí baint ag an Mainistir le cúrsaí polaitíochta. In 1397 bhuail Gearóid Mac Gearailt, tríú hIarla Dheasmhumhan agus Séamas de Buitléir, tríú hIarla Urmhumhan, le chéile ann chun conradh síochána a dhéanamh.

Sa 16ú haois tháinig tailte na Mainistreach faoi smacht na mBuitléarach. Rinneadh gearán in 1537 faoi Shéamas de Buitléir, ab, agus cuntas air mar “a man of odious life, taking yearly and daily men's wives and burgess' daughters and keepeth no divine service but spends the goods of his church in voluptuosity, and mortgages the lands of his church and so the house is all decayed, and useth coyne and livery”.[3]

Iarsmaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní tásc ná tuairisc ar iarsmaí na Mainistreach anois. Theip ar na hiarrachtaí a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis na dúshraitheanna a aimsiú. Bhí stua amháin ar a laghad ina sheasamh fós go luath sa 19ú haois agus meastar gur baineadh feidhm as cuid mhaith de na clocha chun foirgnimh eile a thógáil: muilte áitiúla, an séipéal atá anois ann (an stua os cionn an dorais) agus an Main Guard i gCluain Meala (colúin agus na hairíonna a bhain leo siúd).

Abaí agus pearsana eile de chuid na Mainistreach[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Congán, Ab in 1148. D’iarr sé ar Bearnard ó Clairvaux De vita et rebus gestis S. Maiachiae, Hiberniae episcopi (Beatha Mhaolmhaodhóige) a scríobh.
  • Maolmhuire Ó Briain, iar-Ardeaspag Chaisil a cuireadh anseo in 1236.
  • Ab Pádraig, a fuair bás in 1462.
  • Richard Loundres, Diarmaid Ó hIfearnáin agus Uilliam Ó Duinnín in aighneas le chéile faoin abacht. Cheap an Pápa Pól II Ó Duinnín in 1468.
  • Váitéar de Buitléir ina Ab in 1503.
  • Séamas de Buitléir ina Ab 1510
  • Nioclás Fagan, Ab, a fuair bás in 1617.
  • Labhrás FitzHarris ó Ros mhic Thriúin; choisric an tArdeaspag Tomás Pléamonn ó Bhaile Átha Cliath mar Ab in 1625 é. Ba é FitzHarris Ab deireanach Mhainistir Inis Leamhnachta; d’éalaigh sé ó fhórsaí Chromail chun na Fraince in 1649.[4]

Mura ndeirtear a mhalairt, faightear gach eolas ó Burke, lgh 406–423.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Conway (Rev. Columcille). "The Cistercian abbey of Inislounaght," Journal of the Clonmel Historical and Archaeological Society, i, no. 4, pp. 3–52. (1955–56)
  • Colmcille Ó Conbhuidhe, Finbarr Donovan. The Cistercian Abbeys of Tipperary, Four Courts Press, 1999 ISBN 978-1-85182-380-2
  • Burke, William P., History of Clonmel 1907 (macasamhail 1983)

naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Burke, Rev. William P. (1907). History of Clonmel. Clonmel Library Committee: lch 407
  2. Féach “Inislounaght Parish” in The Place-Names Of Decies
  3. From the Jury of the city of Waterford to the King's Commissioners. 12 Deireadh Fómhair 1537. Burke, lch 411
  4. The English Historical Review, Vol. 28, No. 110 (Apr. 1913), lgh 303–313: Oxford University Press Stable URL: [1]