Maighnéadstraidhn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-athrú ar fhad ábhair fhearómaighnéadaigh nuair a chuirtear i réimse maighnéadach é. Mar shampla, crapann nicil ar feadh treo an réimse agus forbraíonn sa treo trasnach. Tarlaíonn sé seo mar thoradh ar ailíniú na bhfearann maighnéadach faoi iarmhairt an réimse sheachtraigh. Baintear feidhm as seo i dtrasduchtóirí áirithe ultrafhuaime.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéadstraidhn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.