Magdi Habib Yacoub

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Magdi Yacoub

Máinlia cairdiatóracsach a rugadh i gCaireo is ea Magdi Habib Yacoub (r. 16 Samhain 1935). Is de theaghlach Coptach é. Rinne sé staidéar ag Ollscoil Caireo. D'oibrigh sé sa Bhreatain. Chaith sé seal ag teagasc agus ag cleachtadh in Chicago agus sa Nigéir freisin. Duine de na ceannródaithe in athphlandáil an chroí is na scamhóg. Chuir sé carthanas ar bun, Chain of Hope, a chuireann máinliacht le fáil do pháistí.

Order of Merit, 2014