Magairlín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMagairlín
Orchidaceae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl agus caor Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsparagales
FineOrchidaceae Cuir in eagar ar Wikidata
Juss., 1789
Cineál tacsanomaíochOrchis Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Stádas ainmníochtanomen conservandum Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Magairlín

Is planda ilbhliantúil é an magairlín, agus é sa chlann Orchidaceae, ceann de na clanna bláfara is mó forbartha, ina bhfuil 17,000 speiceas. Faightear ar fud an Domhain iad, ach amháin san Antartach, agus is flúirsí sna trópaicí iad. Fásann leath díobh ar an talamh is an leath eile ar chrann nó planda eile mar thacaíocht, bíodh is nach seadáin iad. Fásann bréagbhleibí ar an ngas díreach os cionn talún, a stórálann cothuithe is uisce. Fásann duilleoga is bláthanna uathu siúd. Bíonn na duilleoga méith, breac nó smeartha go minic, ag cumhdach an ghais ag a mbun. Cáiliúil as a mbláthanna mórthaibhseacha coimhthíocha agus a modhanna an-fhorbartha pailnithe. Sa bhláth bíonn ubhagán caol le 3 sheipeal anuas air, agus dhá pheiteal den chruth céanna is an 3ú peiteal mar a bheadh liopa íochtarach ornáideach ar chruth is dath éagsúil ó na peitil eile. Istigh sa bhláth bíonn 3 stiogma agus staimín nó dhó, iad go léir cónasctha i gcolún. Braitheann cruth an cholúin seo ar an speiceas a dhéanann an pailniú ar an magairlín ar leith, feithid, frog, fiú ialtóg. In an-chuid cásanna bíonn an pailneoir sainiúil don mhagairlín. Mar sin féin, crosphailníonn cuid mhaith magairlíní freisin. Tógann sé bliain go leith air aibiú agus 4 bhliain bláthú. Braitheann an pórú trádálach go mór ar shaothrú fíochán is modhanna póraithe, mar sin. Planda an-mheallacach dá lán daoine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Magairlín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 429.