Maifia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mafia)

Is é an rud atá i gceist leis an Maifia, nó, mar a thugtar air as Iodáilis freisin, La Cosa Nostra ("an gnó seo againn"), ná rúnchumann coiriúil a rinne a chéad fhorbairt in oileán na Sicile sa naoú haois déag, agus é fite fuaite le rialtas áitiúil an réigiúin inniu. De dheasca na himirce móire ón Iodáil go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, bunaíodh craobh eile den Mhaifia i gCósta Thoir na Stát Aontaithe, nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deireanais.

Go hiondúil, tugtar mafia ar dhronga coiriúla de gach sórt i ngnáthchaint an lae inniu. Ní hionann an Maifia agus dornán de pheasghadaithe suaracha sráide, áfach. Deir an t-iriseoir Sualannach Maud Webster, agus í i ndiaidh an-taighde a dhéanamh ar an Maifia, gurb é an phríomhdhifríocht idir an Maifia agus gnáthchoiriúlacht ná an dóigh a mbíonn an Maifia ag teacht i dtír, mar chineál seadán nó paraisít, ar ghnáthshaol dlíthiúil na sochaí - ar orgáin an rialtais áitiúil, cuir i gcás, nó ar an saol gnó.

Ní féidir a rá gur brainsí den eagraíocht chéanna iad an dá Mhafia seo, áfach. I Meiriceá, tá an Maifia sásta coirpeoirí ó Napoli agus áiteanna eile san Iodáil a fháiltiú mar earcaigh. San Iodáil féin, áfach, tá an Maifia teoranta don tSicil i gcónaí. Tá rúnchumainn choiriúla den chineál chéanna ar fáil i réigiúin eile na tíre, ach ní hionann iad agus an Maifia mar eagraíochtaí.

Is dócha gur focal Araibise é ainm na heagraíochta féin. I gcanúint na Sicile, atá chomh difriúil leis an Iodáilis is gur féidir a rá gur teanga ar leith í, ciallaíonn mafia bród agus áilleacht. Is é an dóigh a mínítear an comhcheangal smaointe seo ná gur duine é an mafioso - an coirpeoir atá ina bhall den eagraíocht - a bhfuil iompar bródúil le haithint air, agus an dúrud á shíleadh aige de féin.

Thosaigh údaráis na hIodáile ag trácht ar an Maifia mar eagraíocht ar leith sna 1860idí. Tá míchlú an Mhaifia sna Stáit Aontaithe ag baint le tréimhse i bhfad níos deireanaí. Dealraíonn sé gur shroich cumhacht an Mhaifia i gcúrsaí na Stát Aontaithe a buaicphointe sna caogaidí. Ina dhiaidh sin, áfach, chúngaigh fiosruithe an FBI ar an eagraíocht, go háirithe sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Mar sin féin, maireann an focal féin i mbéal an phobail sna Stáit Aontaithe, agus tábhacht nach beag leis an Maifia i saol coiriúil Mheiriceá i gcónaí, go háirithe i Siceagó agus i gCathair Nua-Eabhraic.

An Maifia san Iodáil[athraigh | edit source]

Tháinig an Maifia ar an bhfód sa tSicil thart ar lár na naoú haoise déag, i dtréimhse an Risorgimento. Bhí an fhorbairt seo ag baint leis an dóigh ar spreag an Risorgimento - aontú na hIodáile - fás na tionsclaíochta agus na heacnamaíochta. Ba é Iarthar na Sicile an chuid den oileán ba mhó a bhain leis an Maifia riamh, agus ós rud é gurbh í Cathair Palermo lárionad na heacnamaíochta is na tráchtála san oileán, rinneadh príomhchathair an Mhaifia di, chomh maith.

Is iad na torthaí - na horáistí agus na líomóidí - príomh-onnmhuire na Sicile. Mar sin, theastaigh ó na plandóirí lámh láidir a chur ar a lucht oibre uaireanta, le hiad a choinneáil faoi smacht. Ba é an Maifia a chuidigh leosan an phá a choinneáil íseal. Ina éiric sin, chabhraigh na plandóirí is na tiarnaí talún leis an Maifia gnóthaí coiriúla eile a chur ar bun beag beann ar na póilíní. Bhí an Maifia faoi choimirce pholaitiúil na n-uasal is na n-úinéirí móra talún, mar sin, agus cuid mhór de na coimirceoirí seo féin sásta dul san eagraíocht mar bhaill mhóidithe. Go prionsabalta, is é pósadh seo na polaitíochta agus na coiriúlachta is cúis leis an Maifia bheith chomh dainséarach is atá sé.

Nuair a bhain Benito Mussolini amach an deachtóireacht san Iodáil, d'fhéach sé leis an Maifia a scrios le lámh láidir. Bhronn sé cumhachtaí neamhghnácha ar cheann feadhna na bpóilíní i bPalermo, Cesare Mori, leis an Maifia a chur de dhroim an tsaoil. Is díol conspóide í an obair a rinne Mori leis an gcuspóir seo a chur i gcrích. Deir cuid de na staraithe gur fear idéalach ionraic a bhí ann agus é ag déanamh a dhichill leis an gcoiriúlacht eagraithe a chloí san oileán. Ón taobh eile de, cuirtear ina leith nach raibh i gceist aige riamh ach cur i gcéill agus bolscaireacht, agus nár ghabh sé aon bhoc mór de chuid an Mhaifia riamh. Dealraíonn sé, tríd is tríd, go ndearna sé iarracht fhónta leis an Maifia a chur faoi chois, ach ós rud é gur Faisisteach a bhí ann, rinne sé a bheag de chearta na ndaoine éigiontacha agus é ag troid na gcoirpeoirí. Is dócha gur chothaigh an mhursantacht sin diúnas agus gangaid i measc na ndaoine. Thar aon rud eile, más fíor go raibh Mori chomh mór ar nós cuma liom i leith an dlí agus an Maifia féin, is éadócha go raibh muintir na Sicile puinn níos fonnmhaire chun a saol a chaitheamh de réir na ndlíthe i ndiaidh a fheachtais agus a bhí siad roimhe sin.

Nuair a chuaigh na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh i dtír sa tSicil sa bhliain 1943, bhí Siciligh de dhíth orthu le teanga agus treoir a dhéanamh dóibh. Chuaigh na Meiriceánaigh i muinín a gcuid inimirceánach ón tSicil, a bhí insíothlaithe ag an Maifia. Mar sin, d'fhág siad cead a gcos ag fir cosúil le Lucky Luciano, a bhí sa phríosún roimhe sin, le go gcabhródh sé leis na díormaí leaindeála sa tSicil. Réitigh Luciano an bóthar do na trúpaí le cuidiú a chuid "cairde" i measc lucht an Mhaifia sa tSicil féin.

I ndiaidh do na Comhghuaillithe an cath a bhriseadh ar na Naitsithe, thosaigh an Cogadh Fuar. Bhí dearcadh frith-Chumannach ag an Maifia ar chúiseanna cumhachta: bhí an Páirtí Cumannach réasúnta láidir i nDeisceart dealbh dearóil na hIodáile, agus an Maifia go tréan in aghaidh aon eagraíocht eile a bheadh in ann na sluaite móra a mhealladh chuici sa tSicil. Mar sin, tá siad ann a deir go raibh na Meiriceánaigh sásta dul i dtuilleamaí an Mhaifia le hiarsmaí an Chumannachais a ghlanadh as rialtas iar-chogaidh na hIodáile agus as na ceardchumainn i dtionsclaíocht loingseoireachta na Stát Aontaithe.

I ndiaidh an chogaidh, ruaigeadh Lucky Luciano as na Stáit Aontaithe go dtí an Iodáil. Is ar éigean is féidir a rá gur pionós a bhí ann, ó bhí Luciano in ann impireacht nua coiriúlachta a thógáil anois. D'éirigh leis dul i gcomhghuaillíocht leis na coirpeoirí sa Chorsaic agus trádbhealach mór drugaí a chur ar bun tríd an gCorsaic agus trí Chathair Marseilles. I dtús báire, thagadh an héaróin ón Tuirc, agus ina dhiaidh sin, nuair a bhreabhsaigh póilíní na Tuirce suas, ghlac Luciano buntáiste ar an bpraiseach idirnáisiúnta le linn Chogadh Vítneam le foinsí nua óipiam a oscailt sa Triantán Órga.

Bhí an Maifia cloíte ag Mussolini, ach d'éirigh sé cumhachtach san Iodáil arís le teacht na Meiriceánach. Sna hochtóidí agus sna nóchaidí, áfach, d'éirigh an oiread sin mionchogaí idir na "teaghlaigh" éagsúla agus gur lagaíodh an Maifia go mór mór. De thoradh na faicseanaíochta seo, tá glúin óg an Mhaifia inniu ag iarraidh príomhbhéim an ghnó a athrú ón dúmhálaíocht gharbh agus ón dúnmharfóireacht lom i dtreo chamghnóthaí na veiste báine. Sin é an fáth go bhfuil nuachtáin na hIodáile ag tagairt do "La Cosa Nuova" ("an gnó nua") inniu, mar mhalairt ar "La Cosa Nostra".

Ritheann an scoilt is tábhachtaí idir iad siúd atá i dtóin phríosúin, cosúil le Toto Riina agus Leoluca Bagarella, a bhí ina "cheann urra ar na cinn urra go léir" (capo di tutti capi) ar an Maifia sna blianta 1993-1995, agus iad siúd, cosúil le Bernardo Provenzano, nár éirigh leis na húdaráis a ghabháil roimh an mbliain 2006. De réir mar a éilíonn an dlí Iodálach úd 41 bis, cuirtear an-srianta le haon chaidreamh a bhíonn ag na príosúnaigh leis an saol mór amuigh. Duine de lucht iontaobhais Phrovenzano, arb ainm dó Antonio Giuffrè, d'iompaigh sé ina phentito, is é sin, ina bhrathadóir, nuair a cimíodh é sa bhliain 2002. Deir Giuffrè anois go raibh dlúthchaidreamh ag lucht an Mhaifia le Silvio Berlusconi thiar sa bhliain 1993, nuair a bhí Forza Italia sna fonsaí tógála ag Berlusconi, agus gur gheall Berlusconi an dlí sin "41 bis" agus dlíthe eile a bhí reachtaithe leis an Maifia a throid - gur gheall sé na dlíthe sin a chur ar ceal in éiric na tacaíochta a gheobhadh sé ón gcoirpeacht eagraithe. Is é éirim an scéil go bhfuil an Maifia den bharúil gur lig Berlusconi síos iad mar chairde, ó nár chuir sé an dlí áirithe sin ar ceal.

Daoine tábhachtacha de chuid an Mhaifia san Iodáil[athraigh | edit source]

  • Salvatore Riina, nó "Totò". Bhí sé ina ardcheannasaí ar theaghlach Corleonesi agus ar an Maifia ar fud na Sicile go dtí gur cimíodh é. Tháinig Provenzano i gcomharbas air.
  • Tommaso Buscetta. Ba eisean an chéad bhoc mór de chuid an Mhaifia sa tSicil a d'iompaigh ina bhrathadóir sna seachtóidí. Baineadh an-úsáid as a chuid fianaise le linn na dtrialacha móra ar a dtugtar trialacha "Maxi".
  • Bernardo Provenzano. Bhí sé i gceannas ar an Maifia ar fud na Sicile go dtí le gairid, agus é ar a theitheadh ó lámh an dlí le breis is dhá scór bliain. Rug na póilíní air i Mí an Mheithimh, 2006.
  • Giovanni Brusca. Duine de na dúnmharfóirí is cruálaí de chuid an Mhaifia. Ba é Brusca a mharaigh an laoch breithimh úd Giovanni Falcone. Thairis sin, d'fhuadaigh sé buachaill deich mbliana d'aois agus chaith sé conablach bliana ag céasadh an ghasúir lena bhrú ar a athair gan comhoibriú leis na póilíní a thuilleadh. Nó bhí an t-athair, fear de chuid an Mhaifia, iompaithe ina bhrathadóir. Sa deireadh, thacht Brusca an páiste agus chaith sé in umar aigéid é leis an gcorpán a chur as aithne. An íde a thug Brusca don ghasúr, áfach, chuaigh sí in aghaidh an chuspóra. Nó spreagadh roinnt mafiosi chun iompó ina mbrathadóirí iad féin, agus an scanrú a bhain an choir áirithe seo astu.

Rúnchumainn Choiriúla Eile san Iodáil[athraigh | edit source]

Tá an Maifia sa tSicil roinnte ina "chlanna" nó ina "theaghlaigh" - cosca an focal Sicilise (cosche an foirm iolra). Tá eagraíochtaí cosúla ag obair i réigiúin eile na hIodáile, cosúil le Ndrangheta i gcúige Calabria, La Sacra Corona Unita i gcúige Puglia, Camorra i gcathair Napoli agus Mala del Brenta i Venezia. Bíonn na rúnchumainn seo ag comhoibriú agus ag déanamh trádála le chéile ó am go ham, ach is eagraíochtaí difriúla iad, agus iad neamhspleách ar a chéile.

An Maifia sna Stáit Aontaithe[athraigh | edit source]

Chuir an Maifia an chéad chos i dteannta i dtimpeallacht Nua-Eabhraic, agus é ag déanamh a fhairsingiú de réir a chéile ón mionchoirpeoireacht chúlsráide go dtí an gnó idirnáisiúnta. Tháinig cúig theaghlach chun tosaigh ar na cinn eile, agus gach ceann acu ainmnithe as duine de na boic mhóra a bhí thuas i dtús an scéil: Teaghlach Bonanno, Teaghlach Colombo, Teaghlach Gambino, Teaghlach Genovese agus Teaghlach Lucchese.

Bhí gach teaghlach á rialú ag an don - ag an taoiseach - agus é dealaithe ó ghnáthobair choiriúil a chuid "saighdiúirí" le céimeanna idirmheánacha údaráis. Creidtear go coitianta go raibh an consigliere - focal Iodáilise a chiallaíonn "comhairleoir" - ina chúntóir pearsanta agus ina fhear comhairle ag an don, ach dealraíonn sé go bhfuil sé níos cóngaraí don fhírinne gur sórt idirghabhálaí nó fear eadraiscíne a bhí sa chonsigliere agus é ag tabhairt chun síochána cibé diospóireacht a d'éiríodh idir baill den teaghlach chéanna. Bhí a leithéid de rud agus underboss nó fo-thaoiseach ann freisin. Maidir leis na gnáthchoirpeoirí a bhíodh ag déanamh na gcoireanna, thugtaí "saighdiúirí" orthu, agus iad innealta ina reisimintí (regime).

Bhí caporegime i gceannas ar gach reisimint, agus é ag fáil a chuid orduithe díreach ón mbas nó ón taoiseach. Nuair a chinn an taoiseach ar chomhairle éigin, ní labhródh sé riamh go díreach leis na saighdiúirí. Ina áit sin, thabharfadh sé an t-ordú don chaporegime, agus eisean ag labhairt leis na gnáthshaighdiúirí ansin. Bhí an slabhra ceannasaíochta mar sciath láidir chosanta ag an taoiseach ar an dlí, nó siúd is go mbéarfadh na póilíní ar na saighdiúirí, ní fhéadfaí an bas féin a chiontú.

Chaithfeadh gach ball nua den eagraíocht an mhóid a thabhairt de réir na sean-deasghnátha a d'fhorbair sa tSicil sa naoú haois déag. An t-iarrthóir a bhí leis an mballraíocht iomlán a bhaint amach dó féin, sheolfaí isteach chuig an taoiseach é, agus na fo-thaoisigh láithreach san áit. Ansin, phriocfadh duine den lucht ceannais leathlámh an iarrthóra le braon beag fola a bhaint aisti. Chaithfeadh an t-iarrthóir an fhuil seo a dhoirteadh ar naomhphictiúr, agus nuair a ghlacfadh sé dualgaisí na móide air, dhófaí an naomhphictiúr agus chaithfí luaith an phictiúir sna ceithre hairde, mar shiombaile ar an dóigh a ndíothófaí an fealltóir.

An mafioso a bhí tar éis an mhóid a mhionnú mar seo, thabharfaí uomo d'onore - "fear onórach" - air as Iodáilis. Made man an téarma Béarla a chloisfeá sna Stáit Aontaithe. Ní fhéadfadh aon duine dochar a dhéanamh d'fhear onórach gan díoltas an teaghlaigh go léir a tharraingt anuas air féin. Má bhí fear onórach le cur chun báis, chaithfeadh an don a fhaomhadh a thabhairt don bhású seo roimh ré. Dá maródh ball de theaghlach amháin uomo d'onore de chuid teaghlach eile, bhainfeadh an chéad teaghlach sásamh an fhir mhairbh as an dara teaghlach trí chupla fear dá gcuidsean a mharú. D'fhéadfadh sé go n-éireodh ina chogadh dearg idir an dá theaghlach de dheasca a leithéide.

An Dlí agus an Maifia[athraigh | edit source]

San Iodáil, is gnách leis an Maifia póilíní, breithiúna agus ionchúisitheoirí a mharú le misneach a bhaint de lucht coimeádta na síochána poiblí. Ní hionann sin agus cás an Mhaifia i Meiriceá, áfach. Ba leasc le lucht an Mhaifia sna Stáit Aontaithe na seantithe a tharraingt anuas orthu féin ar an dóigh sin. An drongadóir Dutch Schultz sna Stáit, mar shampla, lámhach a chuid cairde é, de réir dealraimh, nuair a bhí sé ag maíomh go raibh sé meáite ar Thomas Dewey, ionchúisitheoir poiblí Chathair Nua-Eabhraic, a mharú.

Sna seachtóidí agus sna hochtóidí, thosaigh ag maolú ar ghníomhaíocht an Mhaifia sna Stáit Aontaithe. Dlíthe nua cosúil le hAcht RICO ba chúis leis seo, nó bhí sé leagtha amach sna dlíthe seo téarma príosúin a ghearradh do dhaoine toisc iad a bheith ina mbaill d'eagraíochtaí coiriúla, gan aon chúis phionóis eile. Thairis sin, tháinig scéim chosanta na bhfinnéithe ar an bhfód faoin am seo, agus, sa bhreis air sin fós, bhí pobal Iodálach na Stát Aontaithe ag imeacht go tiubh téirimeach. Is é sin, bhí an pobal ar fad á leá i slige na náisiún. Nó bhí na daoine óga ag socrú cleamhnaisí measctha le buachaillí agus cailíní de chuid na bpobal eitneach eile, agus na seandaoine, an ghlúin ba mhó Iodálachais, ag fágáil slán agus beannacht ag gleann seo na ndeor. Ós rud é go raibh an Iodáil féin athraithe, agus sruth na himirce go Meiriceá ag trá is ag triomú, ní raibh an pobal á athnuachan a thuilleadh.

I lár na fichiú haoise, bhí sé de mhíchlú ar ghluaiseacht na gceardchumann sna Stáit Aontaithe, go háirithe ar cheardchumann na n-oibrithe iompair - na Teamsters, mar a thugtaí orthu - iad a bheith ag spallaíocht le Mafia ar dhóigh éigin. Chuaigh ceal i Jimmy Hoffa, cathaoirleach cheardchumann na n-oibrithe iompair, agus creidtear gurbh iad lucht an Mhaifia a mharaigh é. Sna hochtóidí, áfach, chrom rialtas na Stát Aontaithe ar fheachtas cuimsitheach leis an Maifia a ruaigeadh as na ceardchumainn, agus is é an chuma atá ar an scéal gur éirigh leis an bhfeachtas seo.

Níl sé as cosán a rá go bhfuil údaráis dhlíthiúla na hIodáile ag fáil an chinn is fearr ar an Maifia inniu leis na dlíthe nua diana agus leis an dóigh a bhfuil omertà, nó dlí neamhscríofa an chiúnais, ag géilleadh slí don ollbhrathadóireacht. Is iomaí duine de chuid Mhafia a bhí sásta iompú ina phentito, is é sin, ina ollbhrathadóir, agus é ag tabhairt faisnéise agus fianaise uaidh, ar acht go maolófaí ar bhreith na cúirte. Tá mafiosi an lae inniu ag éirí as an ngunnadóireacht agus ag cur na veistí bána orthu féin. Tá an chúigleáil agus an claonchasadh ag teacht in ionad an dúmhála agus an dúnmharaithe. Mar sin, is iad na coireanna eacnamaíochta is mó a bhíonn idir lámhaibh ag na póilíní inniu, agus iad ag fiosrú coireanna de chuid an Mhaifia.

Struchtúr Ceannasaíochta an Mhaifia[athraigh | edit source]

Is gnách a shíleadh gurb é capo di tutti capi nó ceann urra na gceann urra go léir a bhíonn os cionn ghníomhaíocht an Mhaifia go léir, ach is é an breithiúnas atá ag Maud Webster, an t-iriseoir Sualannach, ná go bhfuil an deachtóireacht seo i ndiaidh áit a ghéilleadh do choiste comhcheannasaíochta ar a dtugtar cupola, a fhad is atá an Iodáil i gceist. Na fir atá ina mbaill den choiste seo, tugtar capimandamento (foirm uatha: capomandamento) orthu. Tá gach capomandamento ina cheannasaí ar mhandamento, nó eagraíocht chomhoibrithe trí "theaghlach" (famiglia). Is é ceann urra an teaghlaigh (capofamigliacapomafia) an "cara Chríost", mar a thug Mario Puzo agus Francis Ford Coppola air. Tá an comhairleoir nó consigliere mar iontaobhaí aige, mar a chonaic muid thuas cheana, agus na capidecina (is ionann iadsan agus na capiregime sna Stáit) go díreach os cionn na "saighdiúirí" (soldati, picciotti). Is iad na saighdiúirí a bhíonn i mbun na gcoireanna féin, ach is minic a théann siad i muinín lucht cúntóireachta nó idirghabhála nach bhfuil móidí an Mhaifia tugtha acu ar aon nós.

Coincheapanna Tábhachtacha[athraigh | edit source]

  • amicizia - cairdeas. Ní hionann é cairdeas an Mhaifia agus cairdeas na ngnáthdhaoine. An duine atá ina "chara" ag Mafia (is gnách amico degli Amici, cara de chuid na gCarad a thabhairt ar a leithéid), tá sé i dteideal cabhrach agus cuidithe ón Maifia, ach má tá, caithfidh sé féin a bheith chomh hoibleagáideach céanna, nuair a bheidh a chabhair ag teastáil ó na mafiosi.
  • Camorra - an eagraíocht choiriúil a bhí ag rith damhsa i Napoli agus i gcúige Campania go háirithe sa naoú haois déag. D'éirigh leis na húdaráis i ndiaidh an Risorgimento Camorra a chloí i bhfad níos fearr ná an Maifia, agus d'éalaigh an chuid ba mhó de lucht Camorra go Meiriceá, áit a ndeachaigh siad leis an Maifia áitiúil. Nuair a bhí Camorra ina neart, bhí sí ag plé le foghail mhara freisin, rud nach samhlófá leis an Maifia ach ar éigean.
  • capo di tutti capi - ceann urra na gceann urra ar fad, an duine is airde ceannasaíochta in eagraíocht an Mhaifia. Tá níos mó tábhachta agus cumhachta ag baint leis an gcéim seo i Meiriceá ná san Iodáil. Cuireann na hIodálaigh níos mó béime ar chomhcheannasaíocht an choiste "Cupola", agus níl i gceist le capo di tutti capi ansin ach cathaoirleach an choiste.
  • capofamiglia, capomafia - an "cara Chríost" nó an taoiseach atá i gceannas ar aon teaghlach (famiglia) amháin.
  • cavalleria rusticana - ridireacht na tuaithe. Iad siúd nach n-admhaíonn gur eagraíocht choiriúil é an Maifia, is gnách leo a áitiú nach coirpeachas atá i gceist leis ach tuiscint mhuintir na Sicile ar choincheap na honórach. Deir siad gur cineál "ridirí tuaithe" iad fir na Sicile agus iad ag cosaint a n-onórach le lámh láidir. Tháinig gearrscéal dar theideal Cavalleria rusticana ó pheann an scríbhneora Shiciligh Giovanni Verga (1840-1920), agus fuair Pietro Mascagni inspioráid ón scéal seo le ceoldráma a chumadh. Chuaigh an ceoldráma ar an stáitse ar an 17 Bealtaine 1890. Triantán grá é an scéal seo nach bhfuil baint dhíreach aige leis an Maifia, cé gur threisigh sé le híomhá mhuintir na Sicile lena linn - an cineál íomá is furasta a shamhlú leis an Maifia.
  • combinazione - deasghnátha mionnaithe na móide le ball nua a ghlacadh isteach sa Mhaifia.
  • consigliere - comhairleoir, cúntóir nó iontaobhaí an taoisigh.
  • cupola - coiste ceannasaíochta an Mhaifia san Iodáil.
  • famiglia - "teaghlach" de chuid an Mhaifia. I Meiriceá is mó a úsáidtear an téarma seo, nó is é cosca a thugtar ar a leithéid de "theaghlach" sa tSicil. Níl sé riachtanach go mbeadh gaol ag baill an famiglia le chéile.
  • La Cosa Nostra - "an gnó seo againne", an Maifia nó gnóthaí laethúla an Mhaifia.
  • La Cosa Nuova - an téarma a úsáidtear i nuachtáin na hIodáile le tagairt don athrú a tháinig ar an Maifia, agus an eagraíocht ag plé le coirpeoireacht eacnamúil inniu, níos mó ná le robáil agus le dúmhál.
  • mafia - an bród, an áilleacht, an chúis mhaíte. Focal an-mholtach ab ea é mafia i gcanúint na Sicile riamh. Ar dtús, d'fhéadfaí mafiosa a thabhairt ar bhean a raibh idir dhathúlacht agus mhórtas cine ag roinnt léi.
  • mammasantissima - an Mháthair Rónaofa. Seo ainm a thugann na mafiosi go minic ar cheann urra an teaghlaigh nó ar an eagraíocht go léir, le béim a chur ar an gcoimirce agus ar an gcosaint a dhlítear don mhafioso aonair óna "theaghlach", a fhad is nach mbrisfidh sé féin na dlíthe neamhscríofa.
  • mandamento - eagraíocht chúigiúil nó áitiúil de chuid an Mhaifia, agus í comhdhéanta as trí famiglia.
  • Ndrangheta - an eagraíocht rúnda atá ag na coirpeoirí i gcúige Calabria. Is minic a chuirtear i gcomparáid leis an Maifia í, ach tá sí i bhfad níos primitíbhí, agus béim a gníomhaíochta ar shaol na tuaithe i gCalabria. Bíonn comhoibriú ócáidiúil á dhéanamh ag Ndrangheta leis an Maifia ó am go ham, ach ní fo-eagraíocht den Mhaifia í Ndrangheta ar aon nós. Tá struchtúr Ndrangheta bunaithe ar "theaghlaigh" i gciall liteartha an fhocail. Mar sin, is féidir a rá gurb ionann Ndrangheta agus "prótastaid" neamhfhorbartha an Mhaifia. Is dócha go raibh an chuma is an bhail chéanna ar an Maifia céad bliain ó shin agus atá ar Ndrangheta inniu.

Focal Gréigise é an focal sin féin ndrangheta ó thús, agus canúint Ghréigise á labhairt i gcuid mhaith de shráidbhailte an chúige i gcónaí. Ciallaíonn sé "gaisce" nó "crógacht", agus is é an bunbhrí a bhí leis an bhfocal Gréigise ná "fearúlacht".

  • omertà - prionsabal an chiúnais. Ós rud é nach bhfuil sé onórach a bheith ag spalpadh bréag, is fearr leis na mafiosi fanacht ina dtost faoina bhfuil idir lámhaibh ag an Maifia.