Madog ap Maredudd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An prionsa deireanach de chuid Ríocht Powys sa Bhreatain Bheag ab ea é Madog ap Maredudd (Meán-Bhreatnais: Madawg mab Maredud, Madawc mab Maredut; cailleadh é sa bhliain 1160).

Saol[athraigh | edit source]

Mac le Maredudd ap Bleddyn agus garmhac Bleddyn ap Cynfyn ab ea Madog. Tháinig sé i gcomharbacht ar Ríocht Powys, tar éis bhás a athar sa bhliain 1132. Bhí sé páirteach i gCath Lincoln sa bhliain 1141, ag tacú Iarla Chester, i dteannta Cadwaladr ap Gruffydd (dearthár Owain Gwynedd) agus airm mhóir Bhreatnaigh. Taifeadadh sa bhliain 1149 gur thug sé an cwmyd Cyfeiliog dá chol cheathracha, Owain Cyfeiliog agus Meurig. Sa bhliain chéanna, athtógadh caisleán Oswestry, dún William Fitzalan.

Briseadh le Gwynedd[athraigh | edit source]

Ag an dtaca seo, bhí Madog agus Powys faoi bhrú Owain Gwynedd, Rí Gwynedd, cé go raibh Madog pósta le Susanna, deirfiúr Owain. Rinne Madog comhaontas le Ranulf de Gernon, an 4ú Iarla Chester, ach bhuaigh Owain orthu ag Cath Ewloe sa bhliain 1150 agus ghlac sé seilbh ar thailte Madog in Iâl. Nuair a rinne Rí Anraí II Shasana ionradh ar Gwynedd sa bhliain 1157, fuair sé tacaíocht ó Mhadog, a ghlac seilbh ar a chuid tailte arís. De réir dealraimh, chuaigh sé ar fheachtas le hAnraí chuig Toulouse, ach theip orthu. Cailleadh Madog ina dhiaidh sin agus é ag filleadh abhaile, ar an 9 Feabhra, 1160 ag Caisleán Whittington. Adhlacadh é sa séipéal Naomh Tysilio i Meifod, príomh-shéipéal Powys.

Comharbacht[athraigh | edit source]

Cailleadh an mac ba shine Madog, Llywelyn, i ndiaidh bhás a athar, agus roinneadh Powys i measc mhic agus nianna Madog. Níor aontaíodh Powys arís go deo, agus scoilteadh i dhá leath é: Powys Fadog (Powys Íochtarach) agus Powys Wenwynwyn (Powys Uachtarach).

An Mabinogion[athraigh | edit source]

Tá an scéal “Brionglóid Rhonabwy” suite le linn réimeas Madog. Giolla Madog is ea príomhcharactar an scéil.

Páistí[athraigh | edit source]