Machaire gailf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
1=plásóg thiála, 2=guais uisce, 3=garbhlach, 4=thar teorainn, 5=abar gainimh, 6=guais uisce, 7=an mínleach, 8=an phlásóg amais, 9=bratchuaille, 10=an poll

Is fearann faoi leith é machaire gailf. Is áit é le cluiche gailf a imirt. Bíonn leagan amach faoi leith ar mhachaire gailf chun freastal ar riachtanais an chluiche. Bíonn sraith poill ar gach machaire. Braitheann sé ar líon na bpoll - 9 bpoll nó 18 bpoll. Bíonn limistéar faoi leith ann do gach poll. Bíonn áit tosú ar a ghlaotar tí nó an phlásóg thiála, mínleach, garbhlach agus guaiseacha eile, agus plásóg amais ag gach poll.

Is iondúil áiseanna eile bheith ann freisin ar nós fearann cleachta agus clubtheach inar féidir le imreoirí a chuid éadaí a athrú, earraí a cheannach, cithfholcadh a thógaint i ndiaidh cluiche, bia agus deoch a chaitheamh, agus a bheith ag bladhmaireacht agus ag bomannacht agus ag móradh as a gcluiche agus ag caitheamh anuas orthu siúd nár éirigh ró-mhaith leo sa chluiche.

Plásóg Thiála[athraigh | edit source]

Cuirtear tús le cluiche gailf ar phlásóg thiála. Is faiche bheag í plásóg thiála a bhfuil cruth dronnuilleogach uirthi. Bíonn sí clúdaithe le féar. Bíonn achair 10m² uirthi agus í 10cm ard. Leagtar an liathróid ar sheastán bídeach san fhéar. Buaileann an t-imreoir an liathróid le maide i dtreo an phoill.

Aicmítear imreoirí gailf éagsúla ar phlásóga thiála le dathanna éagsúla. Bíonn dathanna éagsúla ar gach plásóg thiála.

  • Dubh (nó gorm nó ór): Fir, craobhchluiche
  • Bán: Fir a imríonn go maith
  • Buí: Fir
  • Gorm: Mná a imríonn go maith
  • Dearg: Mná

Dála an scéal, d'eascair an focal tí (tee i mBéarla) ón fhocal Gaeilge tigh in Albain.

Mínleach[athraigh | edit source]

Tar éis don imreoir an liathróid a bhualadh don chéad uair, is ar an mínleach a imrítear an liathród sular shroicheann sé an poll ar an bplásóg amais. Gearrtar an féar íseal ar an mínleach agus ní bhíonn rudaí ar nós crainn nó carraigeacha mar bhac don liathród sa mhínleach. Is é seo an áit is fearr an cluiche a imirt de bharr an easpa constaicí nó guaiseacha.

Garbhlach[athraigh | edit source]

Bíonn garbhlach mórthimpeall an mínleach agus an phlasóg amais. Seo áit ina bhfuil an féar fada agus bíonn sé níos deacra an liathród a bhualadh i gceart ann. Bíonn drochádh ar imreoir ar bith a bhuailfí a liathród sa gharbhlach. Cuirfidh sé moill ar an gcluiche.

Guaiseacha[athraigh | edit source]

Is iomaí cineál guais atá ann ar nós poill uisce, abair lán le gaineamh, crainn, carraigeacha, ballaí is araile. Ní mór don imreoir iad seo a sheachaint mura theastaíonn uaidh liathróidí a chailliúint nó in iomarca amais a thabhairt don liathród.

An Phlásóg Amais[athraigh | edit source]

Seo é an áit chun an liathród a bhualadh isteach sa pholl. Ciorraítear an féar an-ghearr ar an bplasóg ionas nach mbeidh an féar mar bhac don liathród fad is atá an t-imreoir ag iarraidh é a bhualadh isteach sa pholl. Is féidir leis an liathród gluaiseacht go bog réidh ar dhromchla na plásóga. Bíonn an poll lonnaithe áit éigin ar an bplásóg. Athrítear go minic é. Bíonn bratach ar mhaide nó bratchuaille sa pholl chun suíomh an phoill a léiriú do imreoirí. Baintear an bratach amach nuair a mbíonn imreoirí ag imirt ar an bplásóg ag iarraidh an poll a aimsiú leis an liathród.